Cúrsaí ag Pastime Chonamara i nGaillimh
Dublin Core
Teideal
Cúrsaí ag Pastime Chonamara i nGaillimh
            Ábhar
Caithimh Aimsire
            Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le tamall anuas tá ceangal láidir cothaithe idir an eagraíocht Pastime Chonamara agus Scoil an Oideachas le Chéile i gCnoc na Cathrach, Gaillimh. D’fhreastal daltaí Rang 1 agus Rang 2 ar Ranganna Ceardaíochta Bunúsacha Dátheangacha faoi stiúir an Teagascóra, Máirtín Davy. Bhí na ranganna ar siúl ar feadh cúig seachtainí agus, ag críochnú dóibh le gairid, bhronn an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Sean Kyne, T.D., teastais ar na daltaí in Áras Bhóthar na Trá, Gaillimh. Tá daltaí as roinnt mhaith tíortha ar fud na Cruinne ag freastal ar Scoil an Oideachas le Chéile i gCnoc na Cathrach agus roinnt mhaith Gaeilge foghlamtha acu mar go bhfuil an chuid is mó den fhoireann teagaisc líofa i nGaeilge.
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Máirtín Davy Ó Coistealbha
            Foinse
Bailiúchán Biseach
            Dáta
2018
            Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
BI2018A23
            Tagairt
Máirtín Davy Ó Coistealbha, “Cúrsaí ag Pastime Chonamara i nGaillimh,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 31 Deireadh Fómhair 2025, https://cartlann.ie/items/show/2406.
    