Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta

Dublin Core

Teideal

Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta

Ábhar

Oideachas; Forbairt Shóisialta

Cur Síos

Tá Muintearas, an Togra Oideachais Gaeltachta, bunaithe anois ó 1980. Is i gCeantar na nOileán i gConamara a bhí an togra lonnaithe agus ag feidhmiú ar dtús, ach tá imeachtaí an togra leathnaithe anois chuig ceantair eile i gConamara Carna, Cill Chiaráin, Ros Muc, Camus, Corr na Móna, agus chuig Gaeltachtaí eile ar fud na tíre. Tá Muintearas airgeadaithe ó Fondúireacht Bernard van Leer san Ollainn agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá tograí ag Fondúireacht Van Leer i dtíortha ar fud an domhain. Sí aidhm na Fondúireachta an soláthar oideachais a fheabhsú sna ceantair ina bhfuil a gcuid tograí. Tá suim ar leith acu ról tuismitheoirí in oideachas a ngasúr a láidriú. Leanann Muintearas an fhealsúnacht seo sna scéimeanna éagsúla a reáchtáileann siad. Togra taighde agus forbartha atá ann go bunúsach agus déantar iarracht na scéimeanna a chur in oiriúint do riachtanais an cheantair, sa chás seo do riachtanais na Gaeltachta.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 1991

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

1991

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL1991A15

Fad

2000

Clúdach Tíreolaíoch

Géolocalisation

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/23edd7442b3330d3db83f0cdedac1174.pdf

Tagairt

An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 1991, “Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 19 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/260.