Sgorach Ghlionnáin (sliocht as Peadar Chois Fharraige)
Dublin Core
Teideal
Sgorach Ghlionnáin (sliocht as Peadar Chois Fharraige)
Ábhar
Litríocht; Béaloideas; Conamara
Cur Síos
Sé an áit a raibh Sgorach Ghlionnáin curtha faoin uamhain talmhan san áit ar a dtugtar Glionnán air, i bhfoisceacht trí mhíle do Chuan Chasla. Sgailp Ghlionnáin a tugtar ar an bpoll a raibh an Sgorach ina chónaí ann. Nuair a thiocfá i gceann a bhéil chaithfeá cromadh ag dul inti isteach. Ó bheitheá ceithre troighthe isteach d'fhéadfá díriú suas. Bhí sé ocht dtroighthe ar airde agus tuairim seacht dtroighthe ar leithead, aill ar 'chaon taobh dí agus carachán cloch os a cionn, agus mopa fraoich fásta uirthi taobh amuigh. Ní raibh deoir aníos ná anuas ann, ach chomh tirim le muileann. B'shin é a theach.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Seán Mac Giollarnáth
Foinse
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Dáta
1991
Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Teanga
ga
Cineál
Téacs
Aitheantóir
PL1991A16
Fad
1000
Géolocalisation
Bailiúchán
Tagairt
Seán Mac Giollarnáth, “Sgorach Ghlionnáin (sliocht as Peadar Chois Fharraige),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 21 Meán Fómhair 2024, https://cartlann.ie/items/show/261.