Bainis Liam agus Cháit

Dublin Core

Teideal

Bainis Liam agus Cháit

Ábhar

Scéalta Pearsanta; Caithimh Aimsire

Cur Síos

Is fada ó Mhainistir Westminster agus na Windsors a tógadh mise, ach is ann a bhí mé ar an 29 Aibreán ag tuairisciú ar bhainis An Phrionsa William agus Kate Middleton, nó Liam agus Cáit mar a bheadh orthu dá mbeidís ag pósadh sa taobh seo tíre. Landáil mé féin agus an ceamaradóir Dave, i Londain cúpla lá roimhré, agus sé an chéad jab a bhí againn ná ár gcuid pasanna a bhailiú don lá mór. Shiúil muid síos go dtí an Mainistir ansin agus cé go raibh an lá mór fós dhá lá uainn, bhí cúpla céad suite ansin i gcampaí agus i málaí codlata, iad ag coinneáil greim daingean ar a n-áit suite. Bhí cuid acu tagtha ó chomh fada ó bhaile leis an Astráil agus Ceanada. Agus bhí an-time acu! Bhíodar ag amhranaíocht, ag caint is ag comhrá, agus ní raibh stáisiún teilefíse nó raidió ó Sydney go San Francisco nár chuir faoi agallamh iad.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Máire Treasa Ní Cheallaigh

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

2011

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL2011A06

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/c8ab5fb8076e888451001bd7c4a18c0e.pdf

Tagairt

Máire Treasa Ní Cheallaigh, “Bainis Liam agus Cháit,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 19 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/519.