Browse Items (22 total)
- Tags: Scéalta Pearsanta
Sort by:
Christchurch
Tharla dhá chrith talún i Christchurch na Nua Shéalainne i 2010 agus 2011. Bhí Meta Uí Mháille ar cuairt ar an gcathair mí Eanáir seo caite agus tá cur síos anseo aici ar an scrios a déanadh san áit.
Tags: Scéalta Pearsanta, Tíreolaíocht
Mise agus lnis Oírr
Tá naoi mbliana caite ag Máire Uí Mhaoláin ar Inis Oírr. Déanann sí cur síos anseo ar an gcion mhór atá aici ar an oileán.
Tags: Oileáin, Scéalta Pearsanta
Ó Bhéal an Daingin go Dhahran
Is maith is cuimhin liom an chéad smaoineamh a rith tríd m'intinn agus muid ag tuirlingt ar aerfort Dhahran, san Arab Shádach, an 17 Deireadh Fómhair, 1997. Rinne mé iontas go raibh leictreachas ann - ach meas tú cár cheap mé a bhí mé ag…
Tags: Scéalta Pearsanta
Scéal ón Oirthear
Nuair a d'fhág muid Ros Muc an 7 Feabhra ní raibh ar m'intinnse ach an áit a raibh mé a fhágáil i mo dhiaidh agus dá bharr sin níor chuir mé mórán suime san áit a raibh mé ag dul.
Tags: Scéalta Pearsanta
Medjugorje
Eagraíonn Mary turais go Medjugorje gach bliain. Freisin, déanann sí obair charthanach agus tugann sí cúnamh do theaghlaigh atá ar an ngannchuid. Baile beag é Medugorje atá suite i Bosnia-Herzegovina. Tá sé cúpla uair ar bhus ó aerfort…
Gwyneth Uí Ghaora: Ealaíontóir as an Bhreatain Bhig ó Dhúchas
Ealaíontóir as an Bhreatain Bhig ó dhúchas. Dá n-abródh tú liom scór bliain ó shin go mbeinn fós i mo chónaí i gConamara, ní chreidfinn tú! Ach, naoi mbliana déag tar éis dom an Bhreatain Bheag a fhágáil, le líne amach as amhrán…
Bainis Liam agus Cháit
Is fada ó Mhainistir Westminster agus na Windsors a tógadh mise, ach is ann a bhí mé ar an 29 Aibreán ag tuairisciú ar bhainis An Phrionsa William agus Kate Middleton, nó Liam agus Cáit mar a bheadh orthu dá mbeidís ag pósadh sa taobh seo…
Íomhá file agus blaiseadh dá shaothar
‘Easpa focal bua an fhile ag inseacht scéal fada’. Rugadh mé i Loch Con Aortha i 1944. Ba mé an duine ba shine de dheichniúr clainne. B' é mo chuid oideachais ná an bun scoil, agus cúpla mí ag Gairm Scoil na bPiarsach i Ros Muc. Bhain mé…
Tags: Filíocht, Scéalta Pearsanta
Scéalta ó Syndey
Tá Meta Uí Mháille ag caitheamh tréimhse san Astráil faoi láthair. Seo roinnt scéalta uaithi.
Tags: Scéalta Pearsanta
Máire Pháidín Uí Mhaoilchiaráin
Máire Pháidín Uí Mhaoilchiaráin ag cur síos do Mheta Uí Mháille ar shaol an oileáin le linn a hóige, ar an tréimhse a chaith sí i Meiriceá agus ar shaol an oileáin inniu.
Tags: Imirce, Scéalta Pearsanta