An Colún Cócaireachta

Item

Teideal
An Colún Cócaireachta
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl muid cinnte cé chomh fada siar a théann traidisiún an cháca bacstaí ach deirtear gur i rith réimeas Eilís I Shasana, thart ar 1600, a thug Walter Raleigh na fataí go hÉirinn den chéad uair. Spéisiúil go leor, ba i lár tíre, i dtuaisceart Chonnacht agus i ndeisceart Uladh ba mhó a bhí tóir ar an gcáca bacstaí. Is cosúil gurbh iad na daoine bochta is mó a d’úsáid é mar is cáca fataí na mbocht a thugtaí air freisin. Caithfidh mé a rá nach bhfaca mé féin an cáca bacstaí á dhéanamh ariamh nó má chonaic, níor thug mé mórán suntais dó. Is é an uair a bhí muid ag déanamh píosa cócaireachta don chlár Siamsán Maidine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, roinnt blianta ó shin, an chéad uair a rinne mé iad. Theastaigh ó Mháirtín Jamsie an bacstaí a dhéanamh ar an gclár. Bhraith mé féin nach raibh mé sách eolach le tabhairt faoi agus chuir mé tuairisc le mo mháthair agus is uaithi a fuair mé an t-eolas. Ní haon iontas gur tugadh cáca fataí na mbocht air mar níl tada ann ach fataí agus gráinne salainn. Seo a leanas an t-oideas a thug mo mháthair dom. Tá sí féin ar shlí na fírinne anois, go ndéana Dia grásta uirthi.
Údar
Máire Ní Chéidigh
Ábhar na hIrise
Cócaireacht
Bliain
2011
Aitheantóir
BI2011A08
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige