An Lady Mhór

https://www.cartlann.ie/files/original/eade052215ca2141fa6f8bbc17341d31.jpg

PL2002A02-A: “Is againn atá an <i>right of way</i>.” <i>An Lady Mhór</i> i gCuan Chasla, 1971.

Ruairí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2002. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Sé Pádraig Mhicil Rua Mac Donnchadha an saor a thóg an Lady Mhór. Bhí sé ina chónaí sna Leacracha Rua i dTír an Fhia. Ba duine muinteartha é le clann Johnny Jimmy, a bhfuil An Mhaighdean Mhara acu anois. Níl muid cinnte cén bhliain ar tógadh An Lady ach tá bád cláraithe sa mbliain 1893 do Stephen O Brien, i Sea Fishery of Ireland, eagraíocht a rinne clárú ar bháid iascaigh, i mBaile Átha Cliath agus an t-ainm Lady uirthi.

Bád deich dtonna, le cíle fiche ceathair troigh agus an clár-uimhir 641 atá tugtha síos di. Tá seans an-mhaith go bhfuil An Lady níos sine ná seo. Tháinig Peter O'Brien, sin-sin seanathair Mháirtín Ó Briain, úinéir An Tónaí, as Co.an Chláir mar mhianadóir go ceantar an Bhattery i Ros a' Mhíl sa gcéad leath den 19ú céad. Bhí sé ag obair ar chéibh Ros a' Mhíl níos deireannaí. Phós sé Bairbre Ní Dhonnchadha as Ros a' Mhíl. Ba mac leo Stephen atá ainmnithe thuas. 'Lady' O’Brien a tugadh ar Bhairbre, b' fhéidir mar gur phós sí stráinséar gan Gaeilge.

https://www.cartlann.ie/files/original/d064622b163ea99b429685adacff6a94.jpg

“Tá an cupán buaite ach tá lámh ag teastáil uaimse!"

Bhí báid ag muintir Bhairbre i gcónaí. Fuair Peter bás sa mbliain 1872 agus seans maith gurbh é a chur An Lady Mhór dá déanamh mar nuair a bhí sí réidh bhris 'Lady' O’Brien buidéal de thús a' phota ar a graidhp. Mar sin is féidir a rá gur tógadh an bád roimh 1872.

Na Ladies

Thíos faoin nGarraí Rua i gCladhnach a tógadh an Lady agus deirtear go raibh sí déanta ag Pádraig Mhicil Rua taobh istigh de thrí seachtainí. Tá an crumpán le feiceáil ann fós agus cuid de chlaise an tsáibhéara. Thóg Pádraig go leor bád eile freisin, ina measc bhí An Mhaighdean Mhara, An Fancy, Naomh Mártan, An Venus, An Beárbar, An Package, An Bhruinnillín agus tuilleadh. Chomh maith leis an Lady Mhór bhí An Lady Bheag a thóg Colm Trae, agus an tSean Lady ag na Brianaigh. Tá an stáid ina mbíodh An Lady Bheag feistithe le feiceáil fós i gCladhnach.

Bhí an Lady Bheag agus an tSean Lady ag éirí craite agus shocraigh siad bád nua a chur dá déanamh. Tháinig drochaimsir sula raibh ábhar faighte acu agus céard a thiocfadh faoi thír in aice leo ach sail daraí. Is as seo a rinne an saor go leor den Lady Mhór. Ach bhí craiceann le dhul ansin uirthi. Tamall ina dhiaidh sin bhí An tSean Lady ag teacht as Cinn Mhara agus fuair siad sail learóige. Bhí ábhar craicinn acu ansin.

An tÁdh

Nuair a chuathas don Chúil in aice leis an nGort ag iarraidh sparaí bhí an t-ádh leo aríst mar bhí sparaí ordaithe ag duine eile le bliain agus níor thug sé leis iad. Cosúil le báid eile bhí sé ráite go raibh 'na daoine maithe' ag breathnú ina diaidh. Chuaigh sí ar na Mulláin Bhána uair ag teacht anuas an tSruthair, síos ó Aill na Graí, le lucht móna. D'fhan sí ansin ar feadh tamaill ach go tobann thit sí. Bhí an t-ádh ar an mbád iomartha a bhí ag folamhú na móna nuair a thit sí, mar tháinig an crann anuas taobh thiar den transom uirthi. Nuair a tháinig an taoille rinneadh iarracht í a tharraingt as ach bhris an téad agus chuaigh sí ar charraig eile in aice le Carraig Phádraig Risteaird. Tráthnóna lá arna mhárach chuaigh Pádraig Pheaitsín Ó Briain agus triúr eile ag breathnú uirthi i mbád iomartha. Nuair a bhí siad ag déanamh uirthi chuala siad an tsáibhéireacht, an táirneáil agus an chorcáil. Tar éis tamaill thuig siad gur istigh sa Lady a bhí an obair ar siúl. Bhailigh leo abhaile. Lá arna mhárach tháinig siad ar ais agus thug siad as go héasca í. Roimhe seo bhí sí le taoscadh go minic ach anois níor leagadh lámh uirthi ar feadh cúig bhliana déag.

https://www.cartlann.ie/files/original/e43e31039e17589aba55495e8e74a93a.jpg

Mick Hunt, as Beann Éadair, úinéir an Lady Mhór (1983-1990), ar an Vervine Blossom.

https://www.cartlann.ie/files/original/9d7f7a1b0b9b96602e75dca8b9e00802.jpg

"Meas tú an sa bpub atá mo chriú?' Ben Mac Donnchadha i mBeann Éadair.

Uair eile bhí sí ag teacht as Árainn agus thit ceo an-trom a sheas trí lá. 'Sé an áit ar tháinig An Lady i dtír ná amach ó Shráid na Cathrach i gCo. an Chláir agus a criú slán sábháilte. Bhí sí féin agus An Tónaí oíche eile ceangailte i gcéibh an Chroisín agus é ina ghála. Ní raibh as an Lady ach dhá théad agus í ag ceann na céibhe. Bhí neart téadracha as An Tónaí. Tharraing An Tónaí na postaí as an gcéibh, d'imigh le gaoth agus chuir sí poll i mbinn tí Phádraig Pheige Uí Dhomhnaill i nDoire an Fhéich. D'fhan An Lady san áit a raibh sí, gan cor aisti.

https://www.cartlann.ie/files/original/ebae820417b964677b76006bf11e3223.jpg

Máirtin Ó Briain agus Sonny a' Ghabha Ó Braonáin as An Sruthán sa Lady Mhór, 1971.

https://www.cartlann.ie/files/original/2e461c4553e067e8e59d3cb894681c6b.jpg

'Rabharta Mór': An Lady Mhór i gcéibh an tSrutháin, 1971. Taobh thiar di tá An Tónaí.

Ag imeacht soir

Tá sé suimiúil sna blianta a mbíodh An Lady ag tarraingt mhóna i dtús aimsire gurbh iad na mná a bhíodh dá luchtú. Bhídís ag faire na mbád ag teacht aníos an cuan agus thosaídís ag iompar na móna i gcléibh go dtí go mbíodh sí luchtaithe acu. Is minic a bhíodh orthu dul trasna ar ocht mbád in Aill na Graí. Thug na báid móin freisin as an abhainn thuas ag Lodge Chasla.

https://www.cartlann.ie/files/original/e92dd0d0d249e2b3d1fd73d502448c7a.jpg

An Lady Mhór i Peele, Oileán Mhanainn.

D'fhan An Lady ag na Brianaigh go dtí 1968 nuair a cheannaigh Colm Ó hUiginn as Baile Átha Cliath í ar chéad punt ó Mháire, baintreach Stiofáin Uí Bhriain. Bhí an bád an-chraite faoi seo agus bhí Michael Willy Ó Griofa agus Máirtín Tom Ó Flaithearta tamallachaí ag saoirseacht uirthi. Ní dheachaigh Colm Ó hUiginn i bhfad ó bhaile léi, isteach go hÁrainn agus mar sin, agus sa mbliain 1975 dhíol sé le Tom Kelly as Baile Locha Riach í ar thart ar £700. Tugadh go hlnis Mór í agus as sin go Bearna ach bhí sí ag déanamh go leor uisce agus tugadh siar ar leoraí í go dtí Cóilín Ó Maoilchiaráin i Muighinis le obair a dhéanamh uirthi. Chaith sí tamall maith anseo agus sa deireadh d'iarr John Healion cead ar Tom Kelly í a thabhairt ag geallta i samhradh na bliana 1983 mar bhí a bhád féin An Morning Star le deisiú. Réitigh John amach í lena chuid sparaí, seolta agus chuile shórt eile. Sheol sé í ag geallta i gCarna, ar an Dóilín agus in áiteanna eile. Maidin Luan tar éis Chinn Mhara na bliana sin bhí focla beaga ar an gcéibh idir na Healions agus na Kellys faoin Lady. Thóg John Healion a chrann, sparaí, ballasta agus seolta as An Lady le crann tógála bhád Mac Moylett, An Julia T. Tamall ina dhiaidh seo tugadh An Lady go dtí bádchlós Tyrell san Inbhear Mór.

I mBinn Éadair

Ba é deireadh an scéil é gur cheannaigh Mick Hunt as Binn Éadair an bád ó Tom Kelly ar thimpeall £8000 sa mbliain 1984.

Bhí an leathbhád, An St John, ag Mick le blianta roimhe sin. Dhíol sé an St John lena dheartháir, Dominick. Rinne Mick suas An Lady go breá agus chuir sé inneall inti, rud a thug deis dó dul ag taisteal go hAlbain, An Bhreatain Bheag, Conamara agus go Port an Phéire. Cheannaigh Mick nobby, Vervine Blossom, agus dhíol sé An Lady le Ben Mac Donnchadha, Árannach atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath, sa mbliain 1992 ar timpeall £20,000. Dála an scéil tá an Vervine Blossom ag James Linnane agus ag cúpla cara leis i gCinn Mhara anois agus is breá a bhreathnaíonn sí.

Tá go leor taistil déanta ag Ben, agus a leathbhádóir Bob Darcy ó shin. Chuaigh siad go Brest na Fraince i '92, agus '96 agus go Lorient i '97. Bhí siad in Amsterdam i '95 agus ar ndóigh bhí siad go minic in Albain, ar Oileán Mhanainn agus i bPort an Phéire. Ón mbliain 1998 tá An Lady deiceáilte amach uilig agus tá sí ina cailín óg. Go mba fada buan í féin agus lucht a seolta.

Ba mhaith liam buíochas ó chroí a ghlacadh leis na daoine ar fad a roinn a gcuid eolais go fial liam, agus a thug grianghraif dom, go háirithe, Máirtín agus Mairéad Uí Bhriain, Mick Hunt, John Healion, Ruairí Ó hUiginn, Cóilín Ó hlarnáin agus dár ndóigh úinéir An Lady Mhóir, Ben Mac Donnchadha.