Bád Chonroy: An St. Patrick

Ruairí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1997. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Is dóigh gur cuid den draíocht í, an neamh-chinnteacht a bhaineann le go leor de bháid mhóra Chonamara - cén bunús a bhí acu, cé rinne iad, cén bhliain, cé dhó ,cén áit, céard a tharla dóibh agus mar sin de. í eisceacht ar bith í Bád Chonroy. Dúirt Dick Scott, i measc go leor daoine eile, ina leabhar, The Galway Hookers gur tógadh í sa mbliain 1911. Ach ní réitíonn chuile dhuine leis an tuairim sin. Dúirt Pat Cheoinín sa mbliain 1981, ar chlár de chuid RnG faoin mbád, gur tógadh í sa mbliain 1907. Dúirt Jimmy Tony Ó Nia as An Cladach Ó Dheas, Ros Muc, gur tógadh í a mbliain 1908.

https://www.cartlann.ie/files/original/fd97ad0799153c41119fe4ce041b66fe.jpg

An St Patrick sa Mhuir Artach, timpeallaithe ag leac oighir, le linn an turas ó thuaidh go Spitzbergen i 1990. (Pic: Adrian Spence)

An Saor

Sé Pádraig Ó Cathasaigh a rinne dhó féin í. Dúirt daoine eile, cosúil le Seán Cheoinín, nach maireann, as Leitir Ard, go raibh Meairc Mhurchadha Ó Maoilchiaráin as Caladh bhFuinnse ag obair in éineacht leis, chomh maith le Joe Ó Cathasaigh, deartháir Phádraig. Sé Meairc a rinne Púcán Mhicil Pháidín, a bhfuil an t-amhrán déanta faoi. Bhí siopa ag Pádraig Ó Cathasaigh i Muighinis agus tá seans gur tosaíodh an bád timpeall na bliana 1907. Dúirt Bríd Ní Chathasaigh (iníon le Máirtín Ó Cathasaigh), a bhí tuairim ochtú bliain d'aois sa mbliain 1977, nuair a labhair sí le Paddy Barry, gur cuimhin léi féin cílle an bháid dá leagan. Bhí sí tuairim dhá bhliain déag ag an am. Dúirt sí gur bhain siad na crainnte i gCoill Bhearna. Tugadh go dtí an muilleann i nGaillimh iad !e capall agus carr, rinneadh sailtreacha díobh agus ansin tugadh go Muighinis iad ar bhád mór.

https://www.cartlann.ie/files/original/c801a6bd50a4970e909cf05ab05994ae.jpg

An criú a thug an St Patrick ó thuaidh go hOileáin Faroe i 1987. ó chlé: Mike Fahy, Ruaidhrí Ó Tuairisg, Brendan Lennox, Donncha Ó hÉallaithe, Pádraig de Bhaldraithe agus úinéir agus scipéir an bháid, Paddy Barry. Tógadh an pictiúr seo i dTorshaun.

I litir a scríobh Seán O Cathasaigh, mac le Johnny Ó Cathasaigh, chuig An Post, sa mbliain 1982, dúirt sé imeasc rudaí eile, gur beirt uncail leis féin, Pádraig agus Joe a thóg an bád seo dóibh féin agus gur thug siad St.Patrick mar ainm uirthi, mar go raibh an nós sin ag a n-athair agus acu féin, an t-ainm sin a thabhairt ar bhád mór ar bith a thóg siad dóibh féin. Is cosúil, de réir litir a scríobh Seán P. McKiernan i 1987 chuig Paddy Barry, go raibh St. Patrick ar Bhád Pháidín Choilm freisin, bád a rinne na Cathasaigh. Ba é Páidín Choilm Mac Con Iomaire sin seanathair Seán P. McKiernan. Bhí an bád seo ag na Conroys roimh an St. Patrick atá i gceist againne agus théis í a bheith díolta acu thit sí i mBéal an Daingin.

De bhrí go raibh báid eile le déanamh ag Pádraig Ó Cathasaigh, chomh maith le aire a thabhairt dá shiopa, tá seans nach raibh aon deifir air, ná aon am aige, lena bhád féin a chríochnú. Mar sin caitheadh cúpla bliain léi.

Ba lá mór é nuair a sádh bád. Bhíodh neart poitín ann. Sheol Pádraig agus Joe í in éineacht le Cóilín Pháidín Mac Con Iomaire as Roisín na Mainiach.

I nGairfean

Dúirt Jimmy Tony go raibh sí ag Pádraig Ó Cathasaigh ar feadh ceithre bliana agus gur dhíol sé le P.D. Conroy í ar £100. Sé Tony Ó Nia, Tony an Fhaoileáin, athair Jimmy, a thug aniar go Gairfean í.

Caithfidh sé go raibh sí i nGairfean sa mbliain 1912 mar chonaic mé an méid seo i litir a scríobh Michael P. Conroy, mac le Paitín Conroy, ar an 3ú Aibreán 1984 ag Paddy Barry.

"One item (of some historical value) which may interest you is that the St. Patrick was the hooker in which my father (P. D.Conroy, owner) escorted Pearse and Thomas McDonagh and Joseph Mary Plunkett to the Aran Islands in 1912. They were trying to establish the lrish Volunteers (with mediocre success) at that time. l was only 8 years old then - but remember sitting on Pearse's knee in our house in 1911/12."

Siopadóir Láidir

https://www.cartlann.ie/files/original/4a6363530d8ad7c558a1a1aba0659726.jpg

Pat Cheoinín ar an halmadóir agus Johnny Bailey le greim aige ar scód an tseoil mhóir, ag seoladh an St Patrick amach ó Chrompán Charna théis di a bheith déanta suas as an nua i 1989.

https://www.cartlann.ie/files/original/2c3b3c2f8cf8be86f670c1b386725c11.jpg

An St Patrick ar ais i gCéibh na Leice, Gairfean, Ros Muc i 1989, sular rinne Colm Ó Maoilchiaráin í a ath-thógáil ó phosta go ball.

https://www.cartlann.ie/files/original/ccdb8bfc0b5e2c4d93b63b66d17d52b1.jpg

Paddy Barry agus Colm Dubh Ó Méalóid ar an St. Patrick agus í ar ancaire sa Bhriotáin, 1992.

Is dóigh go raibh an siopa is mo i gConamara ag na Conroys. Chuir siad earraí ar fáil do shiopaí as Ros Muc go Cárna agus as Leitir Mealláin go dtí An Mám. Dúirt Pádraig a' Mháille liom go bhfaca a athair aon bhád déag ag Gairfean lá amháin. Bhí bácús acu freisin agus chuir siad builíní ar fáil do na siopaí agus do na scoileanna. Bhí dhá bhád eile acu, An Builín Mór agus An Builín Beag. Chaith Tony an Fhaoileáin sé bliana déag ag tarraingt builíní dóibh.

Siad Colm Ó Gríofa agus Stiofán Shúilleabháin a chuaigh ag obair san St. Patrick. Bhí Colm ag obair i mBád Pháidín Choilm roimhe sin. Chaith sé trí scór bliain ag obair ag na Conroys. Bhí sé beagnach ceithre scór bliain nuair a chríochnaigh sé. Dúirt Jimmy Tony gur ocht scilleacha ar an lucht a fuair Colm. Amannta, mar gheall ar dhroch-aimsir b'fhéidir go mbeadh siad imithe ar feadh coicíse nó trí seachtainí.

Ag tarraingt stuif as Tigh Tommy Réamainn (McDonagh) agus as stóra eile na Gaillimhe a chaith Colm agus Stíofán a saol. Bhí an bád in ann sé thonna dhéag a iompar - plúr, bran, pórtar, adhmad agus chuile ní eile a bheadh ag teastáil. Dúirt Séan Cheoinín go ndeireadh an bheirt An Páidrín Páirteach chuile oíche sa mbád. (Tá súil agam, a Phaddy Barry, nach bhfuil an traidisiún sin briste agat!).

Thugadh sí corr lucht soir - móin, dá mbeadh sí cóiriúil, as an gCrompán Mór i mBéal an Daingin; carraigín agus feamainn ag Delia Lydon; olann ag Muileann Lydon. Ní raibh moill ar bith uirthi aon uair ag fanacht ag Droichead an Daingin mar bhí Willie Antrácháin ann, fear a bhí curtha ann ag na Conroys.

https://www.cartlann.ie/files/original/5b9e47c1b965f2138fac9114d07e7874.jpg

Tom Bottle Conroy agus Johnín Mhuraed ag dílochtú an St. Patrick ag Céibh Chill Rónáin, ag deiradh na triochaidí.

An Bád Seoil

Dúirt chuile dhuine - John William Seoige, Pat Cheoinín, Seán Cheoinín agus Pádraig a'Mháille ina measc - nach raibh moran bád seoil a chinnfeadh uirthi cé nach mbíodh culaith mhaith sheoil aon uair uirthi. "Ligfeá an taoille tuile ort fhéin ag breathnú uirthi," dar le John William,"bhí cloigeann chomh deas sin uirthi". Dúirt Stiofán Ó Súilleabháin ar an gclár radió atá luaite cheana, go ndeachaigh sí go Gaillimh agus ar ais le lucht plúir in aon lá amháin, aimsir Féile Sin Seáin. Briseadh ar Leachtaí an Daingin í uair. Thug Michaelín Mháirtín John, a bhí aníos ina diaidh sa mBeauty an lucht aisti, ach amháin dhá thonna salainn a bhí fliuch. Ba é sin an lucht deireadh a rith Colm Ó Gríofa. Chuir Joe Uaitéar Seoige caoi uirthi.

Ina dhiaidh sin bhí Tomás Tom Mhóir, nó Tom 'Bottle' Ó Conaire agus Johnín Mhuraed inti ar feadh roinnt blianta. Tá pictiúr breá i leabhar Dick Scott, The Galway Hookers, de Bhád Chonroy ar a bealach as Gaillimh agus í luchtaithe, ag dul suas an Daingean. Ceaptar gurbh é Tom Bottle atá dá gabháil. Tógadh an pictiúr timpeall na bliana 1939/40. Déanaim amach gur chaith sí tríocha naoi bliain ag na Conroys.

Ar An gCeathrú Rua

Timpeall na bliana 1950, agus leoraithe ag dul i líonmhaire, níor theastaigh an bád ó mhuintir Chonroy níos mó. Dúirt Jimmy Tony gur cheannaigh John Keane as An gCeathrú Rua í ar £120. Ceapann Paddy Barry go raibh Michaelín Mháirtín John Mac Donnchadha as Cuilleán dhá íoc seo ar ais le John Keane mar sé a bhí inti. Ag tarraingt mhóna go hÁrainn a bhí Michaelín agus a mhac Seán as Caladh Thaidhg. Ba Comhairleoir Condae agus Teachta Dála é John Keane agus bhí conradh aige móin relief a thabhairt go hÁrainn as Ros a' Mhíl lena dhá bhád - Bád Pheatsaí agus Bád Chonroy.

Rinne Michaelín culaith bhreá seoil di. Rinne sé culaith di freisin nuair a bhí sí Tigh Chonroy ar £1.15s. Siad Michaelín agus Jimmy an Oileáin an bheirt dheireadh a tharraing móin go hÁrainn inti timpeall na bliana 1957.

https://www.cartlann.ie/files/original/d465effccf137ccb3d808aa5b4802478.jpg

An St Patrick faoi lán tseoil is í ag tabharnáil leí le Pat Cheoinín ar an stiúir, d'Fhéile Mhic Dara 1980, an chéad bhliain di ar ais i gConamara ó thús na seascaidí. Fuair sí neart gaoithe an lá sin agus thug sí leí an geall.

Geall

Sa mbliain 1957 bhí geall i gCaladhThaidhg. Bhí trí bhád ann – Bád Chonroy, An Mhaighdean Mhara agus An Chorainn. Bhí Pat Cheoinín ag gabháil Bád Chonroy, Johnny Jimmy sa Maighdean Mhara agus Máirtín Tom Deáirb sa gCorainn. Cé gur thriomaigh Bád Chonroy ar charraig ba í an chéad bhád sa mbaile í. Ach tugadh an geall don Chorainn mar bhris an dá bhád eile na rialacha.

I nGallllmh

Sa mbliain 1959 cheannaigh triúr as Gaillimh í - Dermot Walsh, Brendan O'Donnell (duine de shliocht Johnny Labhcáis) agus Desmond Warde ar £120. Thug siad The People's Boat mar ainm uirthi. Sé Pat Cheoinín a sheol soir í. Rinne siad roinnt oibre uirthi, chuir siad cábán agus inneall inti, agus dhíol siad í le Jim O'Meara as Góilín, i gCorcaigh ar £1000 sa mbliain 1969. Sé Captain Glanville, máistir bád seoil a bhí ar pinsean, a sheol í ó Ghaillimh go Góilín. Ní dhearna Jim mórán léi mar bhí sé ag obair i mBéal Feirste. Is i nGóilín a chonaic Paddy Barry í sa mbliain 1973 agus droch chaoi uirthi.

Ag Paddy Barry

Cheannaigh Paddy Barry an St. Patrick i mí Meán Fómhair 1973 ar £650. Sheol sé go Cionn tSáile í sa mbliain 1974 agus thug sé go Bleá Cliath ar leoraí í. Chaith sé chúig bhliana dhá deisiú ar chúl an tí agus sa mbliain 1979, tar éis £5250 a chaitheamh, sheol sé go Conamara í. Sa mbliain 1980 chuir sé sparaí agus seolta níos mó uirthi agus bhuaigh an bád an geall ag Féile Mhic Dara.

https://www.cartlann.ie/files/original/4dca9eec81e21b3346cac4273360c6c7.jpg

Rinne Paddy Barry an St Patrick a dheisiú ar chúl an tí sa Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath, ó 1973 go '79.

Ó dheas a chuaigh sí i 1981 go dtí an Spáinn. An bhliain ina dhiaidh sin bhí sí i gConamara. Tugadh gleoiteog uirthi ar stampa a d’eisigh An Post, an bhliain chéanna. ln '83 bhí sí sa mBriotáin, '84 i gConamara, '85 sa bPortingéil, Madeira agus sna Canaries.

I 1986 rinne siad an turas cáiliúil go Meiriceá agus chuaigh sí go hOileáin Faroe in '87. Bhí baint ag an turas seo le bunú TnaG mar is sna Faroes a chonaic Donncha Ó hÉallaithe agus Pádraig de Bhaldraithe go bhféadfaí stáisiún teilifíse a reachtáil i mionteanga do dhaonra beag agus mí Dheireadh Fómhair na bliana céanna bhí baint acu le Teilifís na Gaeltachta a chur ar an aer ó Ros Muc, le linn Oireachtas na nGael.

Tar éis turas go Douarnanez i '88 tugadh siar go dtí Colm Ó Maoilchiaráin í. Tógadh as an nua í ach beagán níos faide ná mar a rinneadh í - ó 40 troigh go dtí 42 troigh. Níor fágadh inti ach trí mhaide. Cuireadh seolta nua uirthi. Chosain an obair ar fad £25,000. Sa mbliain 1990 rinne sí turas an-fhada, taobh istigh den chiorcal Artach, tríd an Íoslainn, Spitzbergen, Murmansk, Oileáin Lafoten agus ar ais abhaile.

I '91/'92 bhí sí i gConamara agus i mBrest. Sa mbliain 1993 rinne sí turas trí mhí go dtí cósta thiar thuaidh na Graonlainne. Ar a bealach ar ais as Conamara sa mbliain 1995 is beag nár bádh í nuair a bhuail bád laistis í amach ó chósta Loch Garman. Dheisigh Colm Ó Maoilchiaráin agus John Healion í.

I 1996 rinne sí turas go Latvia, An Lituáin agus Estonia sa Muir Bhailt agus i 1997 chuaigh sí chomh fada leis an mBlascaod Mór. Faoi Iáthair tá sí ar An Life. Is beag a cheap Pádraig Ó Cathasaigh nuair a shá sé í amach ó Aill na gCathasach go rachadh sí chomh fada ó bhaile. Go mba fada buan í féin agus na daoine a sheolann í.

Míle buíochas le chuile dhuine a chabhraigh liom - John William, John Deáirb, Pádraig a' Mháille, Jimmy Tony, Cóilín Ó hlarnáin agus dar ndóigh, fear an bháid, Paddy Barry. Nár Iaga Dia iad.

https://www.cartlann.ie/files/original/c725f6f687fdcbc308614c4446fd7177.jpg

Mír as litir a sheol Michael Conroy - mac le Peaitín Conroy, úinéir an St. Patrick tráth don saol - go Paddy Barry i 1984.