Saoir Bád, Bádóirí agus Saoir Cloch Ros Muc agus Chamuis

Pádraig Seoighe

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2005. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Bhíodh scoth na mbádóirí i gCamus agus i Ros Muc agus bhíodh roinnt acu in-ann saoirseacht agus cultacha seoil agus eile a dhéanamh, cosúil le Michaelín Mhicil Dharach Seoige ó Chamus Uachtair, bádóir, saor agus fear farraige agus seoltóireachta. Deirtear go ndearna sé culaith seoil don American Mór fadó. Tá sé luaite faoi Mhike Chite san amhrán "Céad Slán le Camus" a chum Colm Ó Méalóid go raibh aithne mhaith air i gCill Rónáin is i gCill Mhuirbhí.

Is rí mhinic freisin a sheol sé soir go Cinn Mhara agus go Co. an Chláir. Ar ndóigh ba le móin is mó a bhí déileáil ag na daoine an t-am sin agus bhrathadh díol na móna ar phraghas an luicht. Bhíodh an-scil sa bhfarraige freisin ag Pat Stiofain Seoige, Patín Johnny Ó Flaithearta agus ag Johnny Watty nó Seán Ó Giobúin. Bhí siadsan mar chriú ar an sraith cláir Fios Farraige fadó ar Raidió na Gaeltachta. Bhíodh báid freisin ag Antaine Breathnach (Sheáin a' Bhreathnaigh) agus ag athair Sheáin Ó Catháin nó Johnny Nan - pucáin a bhíodh acu siúd. Bhíodh Patín Johnny ag cur caoi agus ag deasú múnlaí bád.

https://www.cartlann.ie/files/original/b149fdc8fd11649f84fa11382c412bea.jpg

St Katherine. Gleoiteog Mhór leis na Bairéid as Fuirnis - an bád is déanaí agus an chéad ghleoiteog a tógadh i Leitir Mealláin le 50 bliain. Tógadh an St Katherine le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta faoi scéim na mBád Traidisiúnta.

Tá badóirí Ros Muc luaite go láidir le fada an lá agus bhí neart acu ann. Bhí siad seo a leanas mar chuid díobh - John Phádraig Pheadairín Ó Griallais agus a dheartháir Joe, An Gríofach, Pádraig agus Darach Pheadair Dharach agus roinnt mhaith eile. Is saor bád é Colm Breathnach nó Colm Mhichael Labhráis as Inis Oilte, Ros Muc. Sé a rinne suas an American Mór mar a luann an t-amhrán le Tom a' tSeoige. Tá sé luaite freisin san amhrán “An Chapall" le Seán Cheoinín .....


"Tá si deasaithe ag Mac Labhráis Bhreathnaigh,
Is ní scaipfidh a cuid adhmad go héag"

Saoir Cloch

Tá saoir cloch Chamuis luaite san amhrán úd "Céad Slán le Camus". Deir sé gurbh é Jimmy Nan (Méalóid) agus Michael Watty (Ó Giobúin) na saoir is na tógálaithe. Bhí Peter Janín Breathnach ó Dhoire Bhanbh go maith freisin. Bhí a mhac siúd Bearthla ina thogha tógálaí agus pláisteálaí. Tá siad siúd go léir básaithe anois, Beannacht Dé lena nAnam. Bhíodh roinnt eile daoine a bhíodh paiteanta ag socrú cloch sa tseanaimsir agus tá a rian sin le feiceáil ar na sciobóil agus eile a bhfuil obair chloch déanta orthu.

Bhí roinnt mhaith saor cloch Ros Muc freisin, ina measc deartháir do John Bhearthlín Antaine Ó Mainín. Bhí an-cháil ar seo mar shiúinéir chomh maith. Bhí an-cháil ar an bhfear a thóg Teach an Phiarsaigh gar do Loch Eileabhrach. Ach oiread le Colm de Bhailís bhí cáil as cuimse orthu agus iad siúd nach mór básaithe freisin. Mar a deireann an seanfhocal "Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chur".

Na Saoir Bád


B'iontach iad na saoir bád a bhí i gConamara tráth,
A bhain cáil amach ag déanamh bád is cinnte d'fhéadfá rá,
Cathasaigh Mhuighinse is na Clochartaigh ón Aird
A d'fhorbair na múnlaí is a rinne na dea-bháid.
Bhí ceird ag na Cathasaigh ach bhí gift acu thar barr
Is ba rí-dheacair iad a shárú mar ní raibh siad in aon cheard,
Óna Sceirde go Co. an Chláir,
Ná ó Ruisín na Mainíoch go dtí an Trá Bháin
Ó Bhearna go Carna ná i gCríocha Fódhla
Bhí saoir i Leitir Mealláin, in Inis Leacain is in Inis Ní
I gCaiseal thiar go cinnte is ar na hOileáin dá réir,
Ach ní imreodh rí na méaracán
Ar na Cathasaigh thiar san Aird
Mar bhí ceird acu, bhí gift acu,
Is chrochadar leo an barr.
Saoir Bád, Bádóirí agus Saoir Cloch Ros Muc agus Chamuis