An Turas Aniar

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca 

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ar an Satharn 16 Meán Fómhair, fágfaidh rothaithe An Spidéal ag 9.00 ar maidin le taisteal go Ráth Cairn. Tá an turas seo á dhéanamh ag muintir Ráth Cairn agus a gcairde mar chomóradh 60 bliain ar bhunú Ghaeltacht Ráth Cairn.

Bunaíodh Gaelacht Ráth Cairn i 1935 nuair a tháinig 11 clann as Conamara. Is de bharr cuid mhaith stocaireachta agus brú polaitiúil atá Gaeltacht Ráth Cairn ann. Mar chuid den fheachtas bhí mórthuras rothaíochta ón Spidéal go Baile Átha Cliath i 1934. D'fhág 40 de mhuintir Chonamara ar rothair chun toscaireacht a chur os comhair na bpolaiteoirí i nDáil Éireann.

Is mar seo a dhéanann Éamon Ó Cíosán cur síos ar an turas úd ina leabhar An tÉireannach:

"Ar Aoine Chéasta 1934, bhailigh Séan Ó Coistealbha a chuid fear go deireanach sa lá, agus thugadar a n-aghaidh soir. Rinneadh an méid sin ar bhéagan fógra ionas nach mbeadh eolas roimh ré ag na Gardaí le stop a chur leis an ngluaiseacht i nGaillimh…Rothaíodar leo san oíche fhuar agus na réaltaí ag soilsiú go geal os a gcionn. Shroicheadar Baile Átha Cliath an mhaidin dár gcionn, agus fáiltíodh rompu i gCearnóg Pharnell. Bhí béilí ann, agus pluideanna a bhí fáighte ar iasacht ag [Séan] Beaumont ó bheairic de chuid airm an tSaorstáit! Chuaigh toscaireacht ó na fir isteach go Teach Laighean chuig De Valera.”

De réir insint Éamon rinne na Gardaí iarracht stop a chur leis an turas ar an mbealach siar. Níl muid ag súil le haon deacracht den chineál sin ar thuras an chomóradh.

https://www.cartlann.ie/files/original/aa8bef1eff67d93e376dc7a4ee3a956a.jpg

Fir Mhuintir na Gaeltachta ag dul isteach in Áras Chonradh na Gaeilge tar éis dóibh rothaíocht go Baile Átha Cliath ón Spidéal i 1934.

Turas agóide a bhí i dturas rothar 1934. Bhí go leor agóide agus troda ag teastáil le go bhfaigheadh muintir Ráth Cairn aitheantas agus cothrom na Féinne. Cuireann Turas Aniar 1995 in iúl go bhfuil Ráth Cairn fós ag troid ar son a cearta.

Mar chuid den chomóradh nochtfar cuimhneachán i gcuimhne na bhfear a rinne an turas stairiúil 1934

Má tá rothar agat agus fonn ort páirt a ghlacadh sa chomóradh agus sa spraoi, beidh fáilte romhat teacht linn cuid den bhealach ón Spidéal go Gaillimh, ag fágáil an Spidéal ag 9.00 ar maidin Dé Sathairn 16 Méan Fómhair.

Beidh fáilte speisialta dhá chur roimh mhuintir Ráth Cairn, a bheas tagaithe anoir don turas, in Óstán an Dóilín, An Cheathrú Rua an oíche roimhré, ar an Aoine 15 Meán Fomhair. Beidh An Scadán Rua agus Bréag ag cur neart ceoil bríomhar ar fáil.