Beartla Breathnach as Scríb, Camus

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ba as Scríb, Beartla Breathnach, nó Beartla Pheter Jainín mar a b'fhearr aithne air. Bhí sé pósta le Nain Mháire Bhán agus bhí deichniúr clainne acu.

Ba fear é Beartla a raibh cáil bainte amach aige mar lúth-chleasaí. Is ag caitheamh meáchain is mó a bhí cáil air ach bhí craobh na hÉireann bainte amach aige leis an Javelin, Discus chomh maith leis an sé phunt déag agus an leathchéad. Thug sé leis Craobh na hÉireann sna ceithre comórtais seo in aon lá amháin i gCorcaigh. B'iontach an gaisce é agus b'iontach an onóir do Chamus é an bua seo.

Chomh maith leo seo bhíodh sé ag caitheamh an Hammer, an leathchéad thar an trasnán, léim ard, léim fhada agus ag rith nuair a bhí sé níos óige agus ba snámhóir maith é freisin.

https://www.cartlann.ie/files/original/35752ebe88d59973c8f6ebbfc7770a91.jpg

 Ag tarraingt téide ag Rásaí an Dóilín sna seachtóidí. 

Is iomaí áit a raibh Beartla ag plé le lúthchleasa. Théadh sé go hlnis Mór agus hlnis Meáin, ag féiltí na mbád mar go hiondúil bhíodh caitheamh meáchain ann. Bhíodh an-suim aige i ngach cineál lúthchleasa agus ba mhaith leis daoine óga a fheiceáil ag tógáil páirt agus ag déanamh dul chun cinn sna cluichí seo.

Bhí an-suim aige club lúthchleasaíochta a chur ar bun i gCamus ach mo léan, níor éirigh leis é seo a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh muid in ann club a chur ar bun anseo agus aisling Bheartla a leanúint ar aghaidh.

Tá a chlann féin anois ag tógáil sampla maith uaidh. Tá Craobh na hÉireann bainte amach ag Beartla Óg ag caitheamh meáchain faoi sé bhliain déag agus craobh na hÉireann bainte amach ag Réamonn sa Dornálaíocht.

Rinne siad ionadaíocht ar Éirinn i gCraobh Chomórtais ldirnáisiúnta sa Dornálaíocht agus sa Lúthchleasaíocht.

"Fágaim slán is beannacht ag mo chara dílis,
A d'imigh uainn ar fhógra gearr,
Fear macánta dílis a bhí geanúil Críostúil,
Ach tá sé anois in áit níos fearr."

(Dán le Séamas Ó Fiannachta, Gleann Trasna)

Beartla Breathnach as Scríb, Camus