Cumann Peile Piarsaigh na mBan

https://www.cartlann.ie/files/original/46ac7fb1b42a8754dcb9a84d49d03495.jpg

Sibeál Ní Mháille

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2001. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Bunaiodh Cumann Peile Piarsaigh na mBan sa mbliain 1996 tar éis don chlub óige deireadh seachtaine a chaitheamh i gCorr na Móna, áit a raibh imeachtaí difriúla ar siúl do na clubanna óige. I measc an ghrúpa a chuaigh go Corr na Móna bhí cearthrar cailiní - Máire Bríd Breathnach, Roisín Ní Mhainín, Sally Ní Laoi agus Máirín Ní Mhainín.

Bhí comórtas peile cúigear a’taobh ann do chailiní. Bhí mé fhéin mar chinnire fásta leis na cailiní ach tugadh cead dom imirt in éineacht leo, tá buntáiste le bheith beag scaite. Cé nach raibh aon chleachtadh againn ar pheil a imirt bhuaigh muid gach cluiche ach faraor chaill muid an craobh. Ar an mbealach abhaile rinne muid cinneadh foireann peile cailiní a chuir le chéile. Chuir muid ceist ar Dhiarmaid Ó Mainín as Ros Muc agus Cólman Ó Flatharta as Camus an mbeadh siad sásta muid a thraenáil, 'ceart go leor' a dúirt siad 'faigh sibhse na cailiní agus traenáilfidh muid iad'. Dé Dómhnaigh dár gcionn, landáil timpeall tríocha cailin istigh ar an bpáirc i gCill Bhríocáin.

Rinne muid tráenáil agus d'imir muid corr chluiche. Níor éirigh an-mhaith linn ach mar sin fhéin níor chaill muid misneach. Tá an fhoireann an-bhuíoch do Chathal Ó Mainín, Brian Ó Mainín, Pádraig Ó Mainín agus Mattie Ó Nia a thug chuile chúnamh agus tacaíocht dúinn agus neart uisce.

I mBealtaine na bliana seo thosaigh Proinsias Ó Máille, Liam Ó Nia agus Paddy Ó Mainín dhá dtraenáil. Tá an fhoireann tagtha le chéile go maith agus go leor ama agus traenála dá chur isteach ag chuile dhuine. Tá an-suim ag formhór na gcailiní sa bpeil agus tá muid an-bhuíoch don lucht tacaíochta a thagann le muid a spreagadh le linn cluichí, tugann sé seo muinín agus misneach duinn leanúint ar aghaidh.

Tá sé an-deacair foireann a choinnéail le chéile i gceantar ar nós Rosmuc mar gheall go bhfuil an áit an-bhuailte ó thaobh fostaíochta. Tá go leor de na cailiní a bhíonn as baile ag obair le haghaidh an tSamhraidh ach mar sin fhéin tá ag éirigh go maith linn. Bhuaigh muid trí chluiche i rith an tSamhraidh agus fuair muid seans imirt in aghaidh foirne cailiní as ceantair eile i gConamara agus taobh thoir do Ghaillimh. Tá ag éirí sách maith linn ach tá go leor oibre le déanamh fós. Is de réir a chéile a tógtar na caisleáin.

Tá feachtas bailiúchán airgid ar bun ag an gcumann, thug comhlachtaí áitiúla síntús airgid agus d'eagraigh muid Tráth na gCeist Boird. Cuireadh ionadaí isteach ar chomórtas Rós Chumann Lúthchleas Gael, sí sin Michelle Ní Chuaig. Tá sé i gceist freisin foireann faoi 16 bliana d'aois a thosnú.

B'fhéidir go bhfuil easpa daoine orainn i Ros Muc ach ní raibh easpa áit spóirt ariamh orainn. Bhí garraí Nóra ann, an áit a mbíodh máthaireacha cuid de na cailíní ag imirt blianta ó shoin agus an pháirc bheag ag crosbhóthar Chill Bhriocáin, agus anois tá an pháirc nua ann. Is iontach an obair a chuir coiste na páirce rompu agus is iontach an obair atá déanta ar an bpáirc nua. Is iontach an áis caitheamh aimsire sa bpobal í.

Foireann na gCailíní

Máirín Ní Mháinín - Captaen, Niamh Nic Dhonncha, Evelyn O'Toole, Áine Ní Dhomhnaill, Mairéad Breathnach, Áine Ní Mhainín, Áine Breathnach, Jackeline Ní Fhiannachta, Sibéal Ní Mháille, Rosaleen Ní Shúilleabháin, Ailbhe Ní Chonaire, Sally Ní Laoí, Mairéad Ní Mhainín, Róisín Ní Mhainín, Máire Bríd Breathnach, Bridie Uí Cnámha, Máire Ní Bhrionáin, Mary T. Bhreathnach, Bernadette Ní Mhainín, Caoimhe de Búrca, Julia Ní Shúilleabháin, Roisín Ní Chatháin, Sinéad Ní Mhaoilchiaráin, Aingeal Ní Fhlatharta, Deirdre Ní Mhainín. Fíona agus Patricia Ní Mháille, Ann Marie Ní Ghriallais. Traenálaithe: Proinsias Ó Máille, Liam Ó Nia agus Paddy Ó Mainín.