Anraí Ó Corrduibh

Agallamh le hAnraí Ó Corrduibh (09/01/1973)

Sa mhír seo den tsraith chlár Beatha Duine a Thoil cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar Anraí (Harry) Ó Corrduibh (1914-1982). Rugadh i gCill Mhíchíl, Co. Chláir é agus bhog sé go Ros Dubhach, Maigh Eo, áit ar chuir sé faoi agus é mar mhúinteoir meánscoile. Labhraíonn sé san agallamh seo faoina óige i gCo. an Chláir. Tá cuimhne aige ar na Dúchrónaigh agus an ‘raic, an loscadh agus an marú’ a rinneadh, agus déanann sé trácht ar eachtra ar leith a chonaic sé agus é ina ghasúr óg. Bhí a athair ina Chonstábla Ríoga sa cheantar, agus bhí sé i mbeairic an RIC oíche amháin nuair a chuala siad torann ó ghunnaí taobh amuigh – is cosúil go raibh na Dúchrónaigh ag réabadh lasmuigh. Maraíodh giúistís áitiúil [an Captaen Alan Lendrum] ag an am agus bhí na Dúchrónaigh ina ndiaidh siúd a mharaigh é. Bhí siad amuigh ag cuardach ar feadh na hoíche. Níos déanaí an mhaidin sin tháinig leoraí, a raibh cónra an ghiúistís air, chuig an mbeairic. Ba é sin an chéad uair a chonaic Anraí an chónra - agus dúirt sé go mba léir gur caitheadh le chéile faoi dheifir í. Bhí na Dúchrónaigh ar an leoraí freisin agus iad ag ceol, ag ól agus ag gáirí. Bhí sé 6 bliana d’aois ag an am.