Bláth na hÓige

Ruairí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1999. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

“Bhí sí chomh deas sin nach n-iarrfá imeacht aisti ar chor ar bith.” Sin a bhí le rá ag John William Seoige faoin mbád ar chaith sé cuid mhaith dá óige inti. Sé Máirtín Ó Cathasaígh as Maoinis a rinne Bláth na hÓige do Sheán Seoige, seanathair John William, in lnis Bearachain, timpeall na bliana 1885. Bhí William Sheáin Seoige, a rugadh timpeall 1867, ina fhear óg nuair a tógadh an bád. Tá sé ráite gur fhan Máirtín Ó Cathasaigh in Inis Bearachain go dtí go raibh sí críochnaithe aige – trí mhí. Fuair sé tuairim £8 as ucht í a dhéanamh.

Bhí Seán Seoige ag iarraídh go mbeadh cílle ocht dtroigh dhéag inti. Bhí an píosa a bhí acu 18' 8". Chuaigh Seán isteach ag an dinnéar agus chuir a mhac William faoi ndeara do Mháirtín Ó Cathasaigh an cílle a fhágáil mar a bhí sé. Craiceann péine dhearg a chuaigh uirthi, gearrtha as sailltreacha a tháinig i dtír. Tá sí 28' taobh istigh den bhall agus seas crainn 7' 2" aici.

Bhaist Morgan Mulkerrins as an oileán í le cupán poitín. Chaith sé an cupán leí ach níor bhris sé. Thug sé Bláth Na hÓige uirthi. Tugadh ainmneacha eile freisin uirthi, Gleoiteog Bhaibín Reilly. Bhí Baibín Reilly, aintín le Johnny Bailey, pósta le Máirín Seoige, athair John Bhaibín. Tugadh Gleoiteog na Seoige uirthi, Gleoiteog lnis Bhearachain agus ar ndóigh tugtar Bád Phádraig Chóilin uirthi freisin.

Tháinig Máirtín Ó Cathasaigh ar ais naoi mbliana ina dhiaidh sin agus chuir sé deic uirthi. Níorbh í an t-aon bhád a rinneadh ar lnis Bhearachain. Rinne Maitias Mhicil a’ Ghabha Ó Guairim An Meiricean Mór ann timpeall 1884. Rinne Pádraig Seoige An tSail Chuach ann agus rinne Joe Bháitéar Seoige cúpla púcán ann.

 Máirtín Ó Cathasaigh, an saor báid a rinne <i>Bláth na hÓige</i> thart ar 1885.

Máirtín Ó Cathasaigh, an saor báid a rinne Bláth na hÓige thart ar 1885.

 John Willliam agus a bhean Bríd Ní Chonghaile sula phós said.

John Willliam agus a bhean Bríd Ní Chonghaile sula phós said. Is ag John William a bhí Bláth na hÓige tráth. Tógadh an pictiúr seo ag feis Charna 1939.

 Pictiúr a thóg Dick Scott den saor bád Cóilín Ó Cathasaigh i 1961.

Pictiúr a thóg Dick Scott den soar bád Cóilín Ó Cathasaigh i 1961, agus é ag cur craiceann ar mhúnla Bhláth na hÓige. B’é Cóilín, mac Mháirtín, an duine deireanach de na Cathasaigh a thóg bád, Maighinis, Carna.

Ag croisínteacht coirligh a bhí na Seoige inti, sna Forúin, lnis Muscairí, agus amach go hÁrainn. Ba cineál scine a bhí sa gcroisín le cois mhór fhada, tuairim sé troigh dhéag as. Chuirtí an chroisín síos sa gcoirleach agus chastaí timpeall thíos í. Ansin tharraingtí aníos í agus an choirleach timpeall uirthi.

Dhéantaí cocaí den choirleach agus ansin dhóití í ina ceilp. Ghearrtaí suas í ina blocanna. Bhíodh McDonaghs as Cill Chiaráin dá ceannacht do chomhlucht Sasanach. Thugadh an steamer chun bealaigh í as Cill Chiaráin.

Bhí Bláth na hÓige páirteach i ngeall bád sa mbliain 1907, i Muighinis, an lá ar bádh púcán le Seán Mór Mac an Iomaire. Cailleadh ochtar an lá sin, ina measc Pádraig Stiofáin Mhóir de Búrca agus beirt iníon leis, Nóra agus Máire.

Fuair Seán Seoige teach in Inse Ghainimh, oileán beag amach ó Leitir Calaidh sa mbliain 1915. ls ann a rugadh John William. Is anseo a choinnigh sé Bláth na hÓige. Nuair a bhí John William ina lead óg bhí daonra mór in lnis Bearachain, idir caoga agus seasca duine. Níl ach aon duine amháin ar an oileán anois, Máirtin Chóilin Seoige.

D'fhág Seán an bád ag a bheirt mhac, William agus Máirtín. Thosaigh siad sin ag tarraingt mhóna as na hUaimíní go hÁrainn, go hAchinis agus go dtí an Chéibh Nua. Obair fíor-chrua a bhí anseo. B'éigin an mhóin a thabhairt go dtí na hUaimíní ar asal agus cléibh. Ní raibh aon chéibh ann agus cuireadh ar bhord an bháid í le cliabh. Chaith Seán agus Morgan Mulkerrins tamall ag iascach breams inti.

Thosaigh John William agus John Bhaibín ag obair inti go luath sna tríochadaí. Bhí John William cúig bhliana déag agus John Bhaibín dhá bhliain níos sine ná é. Tharraing siad móin, go Port Mhuirbhí. Leath luicht an bháid mhóir a bhíodh acu. D'íocaidís £2 ar an ualach sa mbaile agus d'fhaighidís £3 nó £4 i bPort Mhuirbhí nó £5 nó £6 in Achinis nó ar an gCéibh Nua.

Bhí siad ag obair le coirleach freisin. Triomaíodh í agus tugadh go Cill Chiaráin í agus as sin go Sasana. Is iomaí droch lá agus oíche a chonaic John William agus John Bhaibín sa mbád. Chaith siad oíche fhada i gCill Rónáin uair, dá coinneál amach ón mballa lena ndromanna agus stoirm anoir aneas ann. Amach sa lá chroch siad seol le dul ar foscadh i gCill Éinne. Gheal sé amach beagán agus shocraigh siad dul go Cuan an Fhir Mhóir. Dhún sé suas uilig agus neartaigh an ghaoth. Bhí sé dorcha faoin am seo agus ní raibh a fhios acu cá raibh siad. Bhí siad ag éisteacht le farraigí ag briseadh agus ansin chonaic John William Tower Cheann Gólaim amach faoin seol. Bhí siad ceart.

Lá eile bhí siad ag dul soir ag Ceann Bóirne, ceithre chúrsa istigh acu, agus gála gaoithe aniar. Bhain siad an seol den bhúm agus rinne siad seol pucáin as.

Lá eile fós tháinig John agus Joe Bhaibín isteach go Port Mhuirbhí in Inis Mór. Bhí sean-fhear amháin ar an gcéíbh. Dúirt sé leo, "Is sibh an dá lead óg is díchéillí a chonaic mé ariamh ag teacht amach ar a leithéid de lá." Bhí ceithre chúrsa ístigh acu ag dul abhaile. Bhí uisce ag teacht isteach thar an transom idir an dá mhullard. B'éigin do Joe seanchóta a chur ann, le uisce a choinneál amach.

Thug na Seoige, mar a deir John Wiilliam, aire na gloine don bhád. Bhí siad lá i gCinn Mhara le ualach adhmaid as Coill na Cúile. D'fhiafraigh fear dóibh cé dhó an t-adhmad. Dúirt siad gur do Bhláth na hÓige é. D'fhreagair fear na háite, "Nach fairsing atá airgead agaibh, is bád nua í sin." Dúirt John liom freisin gur chuir William scrathacha ar na leachtaí in Inis Bearachain, le craiceann an bháid a chosaint.

Sna caogadaí cheannaigh na Seoige bád mór, An Caolach, i Muiceannach ó Joe Pháid agus Máire Simon. Bhí Bláth na hÓige leagtha suas le deasú. Tharraing siad móin as Ros a' Mhíl sa gCaolach. Dhíol siad An Caolach le Pádraig Kelly i Muiceannach.

Tugadh Bláth na hÓige go Maoinis. Rinne mac Mháirtín Ó Cathasaigh, Cóilín go leor oibre uirthi i 1961. Thóg Dick Scott pictiúirí den bhád agus de Chóilin ag obair uirthi . Fuair Cóilín bás sa mbliain 1963. Is mar seo a chuir Dick Scott síos ar obair Chóilín ina leabhar The Galway Hooker :"At a small sheltered beach close by, he was carrying out a major refit on a 29 foot gleoiteog from lnishbarra Island. Patiently he explained away his work as though it were nothing out of the ordinary, yet he was almost rebuilding this craft using mostly hand tools. An excellent job she was too when completed and fitted with a diesel engine for lobster work."

Cuireadh inneal Lister 24 H.P. inti agus chuaigh na Seoige ag gliomadóireacht amach go hOileán Iarthach agus Aill an Dúin in Árainn. Sa mbliain 1964 chuaigh John William go Meiriceá agus dhíol sé a leath le John Bhaibín. Choinnigh John í ar feadh cúpla bliain agus dhíol sé í le Pádraig Chóilín Ó Cualáin as Carna sa mbliain 1968. Bhí púcán, Giolcach, ag seanathair Phádraig, Seán Dhubhdara Ó Cualáin. Ba iomróir mór agus peileadóir é athair Phádraig, Cóilín Sheáin Dhubhdara.

D'íoc Pádraig £850 uirthi. Bhí sé ag gliomadóireacht lena dheartháireacha. Chaith sí píosa i Ruisín na Mainíoch agus Pádraig Stiofáinín de Búrca ag obair leí, ag tabhairt beithigh as Bior do John Mylotte agus as an Oileán larthach do dhaoine. Ba garmhac é Pádraig Stiofáinín le Pádraig Stiofáin Móir, a bádh sa ngeall i Muighinis i 1907.

Sa mbliain 1980 chuir Pádraig Chóilín seolta uirthi. Thug na deartháireacha Johnny, Beartla, Marcus Joe Mhaitias Ó Cathasaigh agus Jackie Phádraig Sheáin Ceata an-chúnamh dhó ag réiteach an bháid le haghaidh geallta. Thug sé go geallta i nDún Laoghaire ísa mbliain 1983, áit ar bhuaidh sí. Bhí sí bPort an Phéire i gCo. an Dúin i 1995 agus aríst i mbliana. Bhi sí ag na geallta i mBeann Éadair na blianta sin freisin.

Tá geallta leathbháid buaite go mion minic ag Bláth na hÓige cé go bhfuil sí níos lú go mór ná na leathbháid eile. Sí a bhuaigh i gCinn Mhara i mbliana. Bhíodh John William agus Marcus Joe Mhaitias dá gabháil agus is é Johnny Sheáin Jack Mac Donncha is mó a bhíonn leí anois.

Tá baint ag Pádraig Chóilin le bád seol eile chomh maith, An Truelight, atá dhá déanamh i gCaarna. Go n-éirí go geal leis féin, a chriú agus an dá bhád.

Tá buíochas mór ag dul go John William, Pádraig Chóilín agus Cóilin Ó hlarnáin a thug chuile chúnamh dom leis an bpíosa seo a scríobh. Go mba fada buan iad.

 <i>Bláth na hÓige</i> ag fanacht ar ghaoth.

Bláth na hÓige ag fanacht ar ghaoth . Sé John William Seoige atá dhá ghabháil agus Beartla Mhicilín Ó Ráinne taobh leis. Pádraig Chóilín Ó Cualáin, úinéir an bháid, atá ag luí ar an deic.