An Tónaí agus Brannelly

[Gan Teideal]

Ruairí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1993. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá dhá inseacht ar scéal agus seacht rá ar amhrán, deirtear. Tá, a mh'anam, agus níos mó ná dhá inseacht ar scéal na mbád mór i gConamara.

Chuir mé romham scéal An Tónaí a bhreacadh síos chomh maith agus a b'fhéidir liom. Tá seans maith nach réiteoidh chuile dhuine leis an leagan seo agus má tá a mhalairt de scéal ag éinne eile chuirfinn fáilte roimhe.

Sé Patrick Brannelly a thóg An Tónaí. Rugadh Patrick tuairim dhá chéad slat ó dheas de chéibh an Charadh Dhuibh (nó Blackweir i mBéarla) in aice le Baile na Cúirte. Tá píosa de bhalla an tí le feiceál ann fós le taobh an chró. D'athraigh an clann go Baile na Cúirte níos deireannaí agus tá mac a mhic ina chónaí ansin fós - Patrick Brannelly eile.

San áit ar tógadh An Tónaí agus an Morning Star díreach treasna an bhóthair ó chéibh an Charadh Dhuibh, tá trí shean-bhád iomartha anois imeasc na neantóg agus na ndriseacha. Dúirt sean fhear liom nuair a bhí mé ann gurbh é Johnny Labhcáis Ó Domhnaill a thóg ceann de na báid seo. Níl mórán seans go bhfeicfidh ceachtar de na báid seo an fharraige arís.

Chomh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach rugadh Patrick Brannelly timpeall na bliain 1860. Ba saor báid é an t-athair chomh maith. Chinn orm a fháil amach cé chomh fada agus bhí na Brannellys san áit sin nó cé as ar tháinig siad.

Ba feairín beag crua é Patrick Brannelly agus ní raibh cinneadh ar bith leis ag obair. Go deimhin bhí sé ráite go mbíodh na daoine maithe ag cabhrú leis. Bhíodh go leor printísigh ag obair aige, agus bhíodh sé ag tógáil báid freisin i gCinn Mhara agus i nGaillimh. Tá scéal ann gur críochnaíodh An Tónaí idir sparaí agus seolta in aon lá dhéag agus dúirt John William liom gur chuala sé féin gur cuireadh maide is fiche ar an Stail Mór in aon oíche amháin.

I measc na mbád eile a rinne Patrick bhí mar a dúirt mé an Morning Star; An Chorainn, a briseadh i nDún Laoighaire; an ghleoiteog mhór An Lovely Ann (nó 'Moon raker' anois) atá sna Cealla Beaga ag Jim Parkinson; an Catherine a bhí ag Monica Réamoinn. Rinne sé an Queen of Connemara freisin ar scríobh file cáiliúil Chinn Mhara, Francis A. Fahy an t-amhrán faoi. Ní bhfuair Patrick Brannelly saol fada. Is iomaí leagann atá ar scéal a bháis. Sé an scéal is coitianta atá ann go raibh sé ag teacht anuas as Oileán Eide go Cinn Mhara i mbád beag. Bhí Johnny Barrctt, bhí ag printíseach leis, as Leitir Ard, Carna agus a bhí cúig bhliana déag ag an am in éincacht leis. Bhuail an bád Guairimín i gCuan Chinn Mhara. Shíl siad an crann a leeagan agus thit sé ar Phatrick agus maraíodh é. Ceaptar gur tharla sé seo timpeall na bliana 1893.

Tá Patrick Brannelly curtha i roilig Baile na Cúirte. Tá leaganacha eile ann, go raibh sé ag teacht as céibh na Páirce Móire go Céibh Tarrca agus deir daoine eile go raibh siad ag tarraingt saileanna adhmaid go Cinn Mhara.

Tony Sheán Mhaolra

Is do Tony Sheán Mhaolra Ó Flaithearta as Inis Eirc a rinneadh An Tonaí timpeall na bliana 1892. Dúirt Cóilín Ó hlarnáin liom, a bhfuil mé fíor-bhuíoch dó as ucht an méid eolais a thug sé dom, gur dearnadh an Morning Star do Pheaitsín Sheán Mhaolra, deartháir Tony, a bhí ina chónaí ar an gCladach. Bhí clann iníon ag Peaitsín, a bhí ag obair an bháid agus tugadh Bád na mBan ar an Star.

Bhí Tony Sheán Mhaolra pósta in Árainn le Máire Bheag Ní Bhriain. Bhí bád aige An Máire Bheag ag tarraingt an phosta as Gaillimh go hÁr ainn. Bhí bád nua ag teastáil uaidh agus tugadh an obair do Bhrannelly. Chúig phunt a chosain sí. Tugadh an Máire Bheag ar An Tónaí ar dtús agus ansin An Tónaí i ndiaidh an úinéara.

 Máirtín Ó Briain agus Peadar hOibicín ag luchtú <i>An Tónaí</i>, ag céibh an tSrutháin.

Máirtín Ó Briain agus Peadar hOibicín ag luchtú An Tónaí, ag céibh an tSrutháin. 

Ní réitíonn Johnny Bailey leis an leagann seo. Dúirt sé fhéin gur chuala sé ariamh gur dearnadh AnTónaí do Nóra Ní Dhonnchadha as Gaillimh. Thug Mike Tom, as an Maimín, anoir í ón gCaradh Dhubh agus cuireadh weather boards i nGaillimh uirthi. Ina dhiadh sin cheannaigh Tony Sheáin Mhaolra í.

Bhí An Tónaí ag tarraingt an phosta ar feadh roinnt blianta go dtí gur tharraing sí ancaire óiche agus briscadh go dona í ar trá Inis Oírr.

 Mike Ó Briain agus Pádraig Kelly, c. 1960.

Mike Ó Briain agus Pádraig Kelly, c. 1960.

Chuaigh Peadairín Ó Briain (sean-uncail Mháirtín anois) agus an saor Pádraig Mhicil Rua, a rinne an Lady Mhór agus an Mhaighdean Mhara, isteach agus dheisigh Pádraig í. Cheannaigh Peadairín í ar chúig phúnt. Sé Micil Mháire a bhí inti nuair a tugadh go dtí an Sruthán í. Deirtear go raibh dath bán ar thaobh di agus ar chuid mhaith den taobh eile nuair a sheol sí aníos Cuan Chasla, mar ní raibh sí tearráilte fós. Bhuaigh sí rása i gCuan Chasla thartar 1908. Báid eile a bhí ann an lá sin, Bád Phatsy, Bád Mharcaisín, Camper Mhicil Pháidín, Bád Chóil Mhóir as Ros a Mhíl agus Billeachaí as Ros a Mhíl. Sé Micil Mháire a bhí ag gabhail An Tónaí an lá sin.

Cheannaigh Séamaisín, mac deartháir le Peadairín leath An Tónaí ar chúig phunt. Bádh Séamaisín sna duganna i nGaillimh timpeall 1920. Fuair Máirtín Stiofáin (seanathair Mháirtín) leath An Tónaí ó Pheadairín. Bhí siad ag tarraingt mhóna go hÁrainn, go Cinn Mhara agus go dtí an Chéibh Nua. Is ceart a rá ag an bpoinnte seo go raibh báid eile ag na Brianaigh i gCladhach. Bhí an Lady Mhór, atá ag Ben Mac Donnchadha i mBleá Cliath anois, An Lady Bheag agus An tSean Lady.

Bhásaigh Máirtín Stiofáin timpeall na bliana 1930 agus bhí an bád ina cónaí ar feadh roinnt blianta mar bhí a chlann ró-óg. Ansin chuir Michael Mór Ó Nia as Ros Muc caoi uirthi agus chuaigh Pat Ó Dáirb Ó Flaithearta, a raibh an Connacht aige, ag obair inti.

Ansin chuaigh Mike Mháirtín Stiofáin agus a chuid deartháireacha ag obair inti timpeall na bliana 1932. Bhí Mike sé bliana déag ag an am. Ag tarraingt mhóna mar a bhí an tseandream a bhí siad. D'imigh na deartháireacha go Meiriceá agus d'fhan an bád ag Mike.

Sa mbliain 1964 tugadh suas í agColm Labhráis i Ros Muc le deisiú. Nuair a tháinig sí ar ais cuireadh Máirtín ag obair inti lena athair. Ag bádóireacht a bhí Máirtín sna blianta 1964, '65 agus '66 nuair a bhí chuile dhuine eile i nGaillimh ag imirt peile. D'imigh Máirtín ar chúrsa go Ros Muc sa mbliain 1967 agus bhí Paddy, a dheartháir agus Pádraig Kelly ag tarraingt mhóna agus stráinséirí.

Chuaigh inneall Lister sa Tónaí tigh Mhoylett i gCárna i ngeimhreadh na bliana 1968/69. Cuireadh uimhir uirthi, G-50, agus tugadh St Ann mar ainm uirthi. Is cuimhin Iiom féin dul go hÁrainn inti timpeall 1970. D'fhan na seolta uirthi cé nár crochadh an lá sin iad. Bhásaigh Mike Ó Briain sa mbliain 1970.

Deireadh le Tráchtáil na Móna

Tháinig deireadh le tráchtáil na móna sa mbliain 1972 agus d'fhan siad ag tarraingt stráinséirí. Mar atá fhios againn tháinig borradh faoi sheoltóireacht i gConamara timpeall 1976. Bhí baint mhór ag John Helion agus a bhád an Morning Star - leathchúpla An Tónaí - leis an mborradh seo nuair a sheol sé as Bleá Cliath. Caitheadh amach an t-inneall as An Tónaí sa mbliain 1980 agus rinneadh suas as an nua í i 1981-82.

Ridgeway agus Bligh

Is iomaí droch-lá feicthe ag an mbád uasal seo agus comhaireann Máirtín ina measc an lá ar landáil Ridgeway agus Bligh in Árainn as Meiriceá, Meán Fómhair 1967. Go deimhin ní raibh Dé hAoine 13 Lúnasa 1993 ró-dheas ach oiread agus muid ag gabhail soir go Cinn Mhara.

Faoi láthair agus mé dá scríobh seo tá An Tónaí chun cinn sna poinntí sa gcomórtas sraithe seoltóireachta atá dá eagrú ag Cumann Húicéirí na Gaillimhe. Tá an-mheas ag Máirtín ar a chriú, a dheartháir Michael, Peadar Oibicín, Stiofáin de Bhailís agus Joe Kelly. Guimid chuile ádh orthu ar fad agus ar An Tónaí. Tá mé fíor bhuíoch do Mháirtín agus do Mhairéad a thug chuile chabhair dom ag scríobh an phíosa seo. Go mba fada buan iad.

 Bád Joe na nUamainí (atá i nGaillimh anois) agus <i>An Tónaí</i>.

Bád Joe na nUamainí (atá i nGaillimh anois) agus <i>An Tónaí</i>; Mike Ó Briain agus Harry Knott atá ar an gcéibh. Ach cé hé an leaid óg ar dheis?