Ó Siracusa go Cloch na Rón

 Ruaidhrí Ó Tuairisg.

Ruaidhrí Ó Tuairisg

Ruaidhrí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2003. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Nuair a tháinig cuireadh ó Phaddy Barry go dtí Ruaidhrí Ó Tuairisg bád a thabhairt as an tSicil go Cloch na Rón ní raibh gá dó mórán machnaimh a dhéanamh. Déanann sé cur síos ar an turas, na tíortha agus na bailte a chonaic sé le linn a aistir.

Faigheann muide, a bhfuil sé d' ádh orainn seoladh le Paddy Barry le blianta, bulletin uaidh, mar a thugann sé féin air, go luath sa mbliain, ag insint faoi na pleananna seoltóireachta a bhíonn aige don Samhradh. Is iondúil gur turas ar chósta thiar na hÉireann nó síos go Ciarraí agus Corcaigh a bhíonn i gceist. Mar is gnáth, tháinig an bulletin i mbliana, ach níor chreid mé mo dhá shúil nuair a chonaic mé go raibh sé beartaithe aige bád a thabhairt as an tSicil go Cloch na Rón. An mbeadh spéis agam ann? An ólann cat bainne? An Caitiliceach é an Pápa?

Chaill Paddy a bhád mór, an St. Patrick i mí Bealtaine '02 thíos i gCorcaigh agus cheannaigh sé luaimh in aice le Trieste san Iodáil. Sheol sé féin agus cairde leis an bád síos chomh fada le Siracusa in oirthear na Sicile i mí Bealtaine '03. Bhí sí le tabhairt abhaile go hÉirinn. Ar an 25ú Meitheamh, chas seachtar againn le chéile in Aerphort Stanstead i Londain, Paddy Barry, Seán Mullen as Baile Átha Cliath, Donncha Ó hEallaithe, Raphael Mac Giolla Chomhain as Co an Dúin, Danny Mac Síthigh as Baile Eaglaise i gCorca Dhuibhne, a bhí i Meiriceá agus ar an turas as Trieste le Paddy agus mé féin. D'eitil muid síos go dtí an Róimh. As sin fuair muid traein oíche go Siracusa.

D'ith muid bricfeasta i Siracusa agus muid báite le hallas cheana féin ag a deich a chlog ar maidin. Bhí an bád ansin sa marina agus Kratos mar ainm uirthi, bád rásaíochta a rinneadh i 1979. Bhí sí déanta as cruach, í 45 troigh ar fad, dath dubh uirthi agus crann dubh. Tá áit codlata ag ochtar nó naonúr istigh inti. Tá sí féin-stiúrtha agus níl tada le déanamh ach cúrsa a leagan amach agus cead cos a thabhairt di. Chomh maith leis sin tá na cairteanna seoltóireachta ar ríomhaire agus is féidir díriú isteach ar áit ar bith ar domhan.

Chaith muid píosa de lá i Siracusa ag siúl timpeall agus ag ceannacht bia don turas. Bhí an margadh iontach - chuile shaghas éisc, cloigne móra agus cloigne beaga, chuile dhath faoin spéir, chuile chruth, fir agus mná ag fógairt agus ag screadach, daoine ag ceannacht agus ag margáil. Chuile chineál tortha, bán, buí agus breac. Agus mar a raibh glasraí ann! Is beag nach raibh said á dtabhairt uathu gan tada.

D'fhág muid ag 10.30pm. ls mór an spóirt a bheith ag seoladh san oíche, go háirithe má tá an aimsir go breá. Tá ciúnas, suaimhneas, réalta agus áilleacht na hoíche agat, corr-bhád ag castáil leat agus fosfar san uisce.

Bhí teas uafásach againn, suas le 37 céim ar chúl na gréine. Bhíodh chuile dhuine ag dul i bhfolach ón ngrian ar feadh an lae. Bhí fuarú breá san oíche. Chuaigh muid ag snámh den bhád chuile lá, cuid againn níos fearr ná a chéile. Ó, a dheartháir, bhí cuid acu siúd níos fearr ná na deilfeanna a bhí timpeall orainn chuile lá. Ach an bheirt a tógadh ar bhruach na mara, mé féin agus Danny, b'fhurasta labhairt linn sa bhfarraige. Shroich muid Agrigento, timpeall 6.00pm.

Ní raibh aon ghanntan cócairí ar an mbád. Go deimhin mura mbeadh tú sa ngailí in am, chaillfeá do sheans. Bhí an bia thar barr ar fad, clár bia cuimsitheach agus fíon den scoth ar 3 euro an buidéal. Chaith Danny píosa mór ag caint ar throscadh a dhéanamh. Dár leis bhí sé go maith ag an anam agus ag an gcolainn. Ach bhíodh an béile chomh maith chuile lá go gcuirfeadh sé an troscadh ar athló go dtí lá arna mhárach. Cearca Chrích Lochlainn mo sheanmháthar fadó! Amárach b'fhéidir! Is é Donnacha is mó a bhuaigh an rás go dtí an Gailí ach b'fhéidir gur fanadh siar mar go raibh a fhios againn go maith go gcuirfeadh sé sárbhéile ar fáil. Agus mar a raibh glaoch ar chaifé, ar shailéid agus ar mhil Ruairí Breathnach. Ós ag caint ar Ruairí mé, ní gá a rá go bhfuil togha na Gaeilge aige ach níos fearr ná sin, tá sé in ann a chanúint a chur in oiriúint d'aon Ghaeltacht a bhfuil sé inti. Sílimse gur rugadh é i gCeathrú Thaidhg, in Oileán Thoraigh agus in lnis Meáin. Dár mo choinsias bhí an cleas céanna ar siúl aige ar an turas seo. Shíl muintir na Sicile gur duine díobh féin é agus níos deireanaí nuair a bhí muid sa Spáinn, by dad bhí sé in ann cocaireacht a choinneáil leo siúd. Tá mé cinnte dá mbeadh sé linn go mbeadh an Phortaingéilis agus Gallego Galicia aige freisin.

 Danny, Donncha, Seán, Paddy, Raphael, Ruaidhri.

Danny, Donncha, Seán, Paddy, Raphael, Ruaidhri. É ina chailm amach ó chósta na Spáinne.

Gleann na dTeampall

Tá cáil ar Agrigento mar gheall ar Ghleann na dTeampall. San áit seo, tá na teampaill Ghréigeacha is áille taobh arnuigh den Ghréig.

Ach chaill muid allas ag siúl timpeall orthu. Is fíor an méid a dúirt Noel Coward "Only mad dogs and English men go out in the noonday sun". D'fhéadfá cúpla fear as Éirinn a chur leo siúd. Téann chuile dhuine le splanc céille ar bith isteach ón ngrian idir 1.00 agus 5.00pm. Dúntar siopaí agus níl deoraí ar na sráideanna. Bhí muid ag foghlaim.

Ar aghaidh go dtí Oileán Favignana, Lá'l Peadar 's Pól, áit a ruaigtear an tuna suas ar an trá cúpla uair sa mbliain agus maraítear iad. Ní maith le turasóirí é seo ach is cuid de shaol na ndaoine é. An t-aon locht a bhí againn ar an turas ná na marinas. B'éigean dúinn iad a úsáid le díosal agus bia a cheannacht. ln áit amháin nuair a d'fhiafraigh muid cá raibh an leithreas dúradh "au natural", síos ar chúl na céibhe. Cosnaíonn siad timpeall 45 euro san oíche, (bhí 90 euro ar cheann amháin). Ach ní faoi sin atá mé ag clamhsán. Bhíodh na céadta bád istigh chuile oíche ach ní raibh craic dá laghad in aon áit. Ní fheicfeá duine de mhuintir na háite, ach lucht na mbád ag tabhairt sciúradh na cuinneoige ar a gcuid bád.

Go dti Sardinia

Turas fada go dtí Sardinia, timpeall 150 míle. D'ardaigh an ghaoth go dtí fórsa 5 agus chuir an bád a cloigeann fúithi agus seo léi ag déanamh 7 nó 8 knot. Chonaic mé an chéad mhíol mór, tuairim 100 slat ón mbád agus é ag scárdadh uisce san aer. Ach is ar éigin go raibh éan ar bith le feiceáil in aon áit.

Isteach go Cagliari. Ar maidin ar aghaidh chuig oileán beag eile, Isola de san Pietro, áit an-deas. Ina dhiaidh sin bhí turas fada 200 míle romhainn go hOileáin Balearic na Spáinne. Menorca an chéad cheann. Neart gaoithe againn faoi bhealach. Chonaic mé turtar mór in aice linn. Bhíodh an oiread deilfeanna ag déanamh spraoi timpeall an bháid chuile lá. Is mór an áilleacht iad. Lá arna mhárach chuaigh muid go Mallorca. Sílim gur chuir an t-oileán seo iontas orainn uilig mar gheall ar a chuid áilleachta. Chuaigh cuid den chriú ar shiúlóid mór fada sna sléibhte.

Chuaigh mé féin agus Donncha go Palma, trasna an oileáin as Soller ar thram agus ar shean-thraein álainn. Domhnach a bhí ann agus bhí an siesta ar siúl agus chuile áit dúnta. Meas tú cén chaoi a bhfuil ag éirí le hiománaithe na Gaillimhe inniu? Chonaic muid an Banyes Arabas, áit folcaidh meánaoiseach Arabach. Bhí sé go haoibhinn. Ar ais ar an traein. Ansin shiúil muid chuig dhá shean-bhaile i sléibhte Serra de Tramuntana, Biniariax agus Fornalutx, na bailte is deise a deirtear sna hoileáin seo, an áit brataithe le crainnte oráiste agus liomóide. Ná bí ag caint ar an mboladh álainn. Tá sé i mo pholláirí fós. Agus sú na n-oráistí.

"Rip off lreland"

Tá go leor cainte anseo sa mbaile anois agus an-údar leis faoi "rip off Ireland". Sna tíortha seo ar fad bhí gloine beorach agus caifé le fáil i do shuí taobh amuigh ar níos lú ná dhá euro. Bhí béile breá agus fíon le fáil ar 15 euro. Ina dhiaidh sin chuaigh muid chuig Oileán Ibiza. Marina mór millteach le timpeall 700 bád ann.

 Paddy Barry ar a bhád <i>Ar Seachrán</i> timpeall 150 míle ó dheas d'Éirinn.

Paddy Barry ar a bhád Ar Seachrán timpeall 150 míle ó dheas d'Éirinn.

Neamhphearsanta, gan aon chraic. Na mílte ar na tránna ag déanamh a ngoradh leis an ngrian. Gan tada eile le déanamh ach é. Turas fada go cósta na Spáinne, Puerto San Jose, ó dheas d' Alicante. Chaith muid oíche i gcalafort oibre i Puerto de Motril agus bhain muid an-sásamh as café/teach ósta lán le muintir na háite agus Ruairí ag cur agus ag cúiteamh leo.

Ar maidin d'imigh muid go Malaga. Anseo bhí cuid den chriú ag imeacht agus daoine nua ag teacht. D'imigh Donncha, Danny, Seán agus Ruairí. Ina n-áit sin fuair muid ceathrar eile - Fred, deartháir Phaddy; Cathal, mac Phaddy; Alphonsus Lennon agus Harry Connolly. Bhí béile breá ag an aon dhuine dhéag againn le chéile i Malaga.

Chroch muid seolta ar maidin, ag déanamh ar Gibraltar agus gaoth láidir san éadan orainn. Soilse na hAfraice deich mile ó dheas uainn. Bhí Raphael ag beartú réabhlóide agus é ag iarraidh an charraig a thabhairt ar ais do na Spáinnigh ach loic an chuid eile againn. An-trácht ar fad timpeall ar chaolas Gibraltar. Go leor taincéirí móra ar ancaire freisin. Rinne muid mar a dúirt Christy Moore "turn right at Gibraltar". Ach ní baileach gur féidir casadh chomh scioptha sin. Tá cuan mór Cadiz romhat. Sa gceantar seo a throid fórsaí Napoleon agus Nelson ag Trafalgar sa mbliain 1805. Bhuaigh na Sasanaigh ach maraíodh Nelson.

Aimsir níos fuaire anois san Atlantach agus níos gaofaire. An Algarve a thugtar ar an gcuid seo de chósta na Portaingéile. Isteach chuig baile beag Sagres. Chuaigh cuid den chriú chuig Caisleán Anraoi an Navigator.

"Bíodh an diabhal ag an gcultúr" arsa mise agus Raphael agus chuaigh muid ar shiúlóid tríd an seanbhaile. Is gearr go bhfuair muid boladh sicín á róstadh ar barbeque agus lean muid an boladh, sróin san aer, cosúil leis na Bistop Kids.

Sean-chaifé áitiúil le muintir na háite. Is beag nár íoc siad muid as ucht fíon a ól, bhí sé chomh saor sin. Ní raibh aon sicín fágtha ach fuair muid pláta mór muiceoil rósta, arán agus fíon ar cheithre euro. Bhí dinnéar le n-ithe againn fós ar an mbád ach bíodh an fheamainn aige, lá maith a bhfaighidh tú dhá dhinnéar. Bhí sé blasta. Cúpla míle ó Sagres, chuaigh muid timpeall ar Cabo de Sao Vicente, an gob thiar theas den Phortaingéil agus anois bheadh ár dturas díreach ó thuaidh.

Droch aimsir

Droch aimsir an oíche sin, farraigí an-arda agus corrmhúr báistí, an chéad bhraon ó d' fhág muid Éirinn. Chaith muid oíche i gCascais, in aice le Lisboa, ach ní raibh muid sa gcathair. Tá suas le seasca míle de thrá idir Lisboa agus Porto agus dheamhan mórán daoine a bhí le feiceáil air, ró-fhuar is dócha. Isteach go Porto agus bhí béile breá againn i mbialann ar bhruach an Douro. D'ith mé pláta sairdíní úra ar dtús agus ní hiad na rudaí beaga atá sna boscaí stain a bhí ann, ansin pláta cudail agus pláta bolg bó agus pónairí ina dhiaidh sin. Bhí mé i gcruth pléasctha. Craos cinnte.

Lá arna mhárach bhí seoladh iontach againn faoi spionacar mór millteach, agus muid ag dul go Bayonne, baile beag sa Spáinn in aice le Vigo. Tá muid i gceantar Galicia anois, ceantar Ceilteach na Spáinne. Is go dtí an baile seo a d'fhill Columbus as na críocha Meiriceánacha agus tá macasamhail an Pinta, ceann dá chuid bád sa gcalafort. Is baile beag álainn é seo agus na tithe déanta as eibhir. San oíche, d'aimsigh mé féin, Raphael agus Harry sean-chaifé ceart agus is as cineál fó-chupáin a bhí muid ag ól fíona. Ar maidin, chuaigh muid ar cheann d'Oileáin Las Estelas, sraith d'oileáin bheaga amach ón gcósta, trá álainn ann ach níl aon chónaí ann anois.

Ag snámh agus ag siúl timpeall agus ar aghaidh go dtí Portasin. Bhí ainm nua déanta amach ag Paddy le cur ar an mbád agus rinneadh an beart anseo.

Ar Seachrán a hainm feasta. B' éigean dom féin agus do Harry siopadóireacht mór a dhéanamh mar bhí turas fada romhainn go hÉirinn.

Chonaic muid arís cé chomh saor agus a bhí earraí sa Spáinn i gcomparáid leis an mbaile. An oíche sin bhí béile againn i mbialann a bhí díreach cosúil le Fawlty Towers. Níl a fhios agam an bhfuair aon duine an rud a bhí uaidh ach bhí an-chraic againn.

Ar maidin, d' imigh Fred agus Cathal abhaile agus d' fhág muid ag 8.15a.m. ar ár mbealach go hÉirinn. Bhí gaoth aniar-aduaidh ann agus rinne muid 550 míle ar bhord amháin go dtí gur shroich muid An Daingean. Ag teannadh le cósta na hÉireann, bhí an ghaoth sách láidir, suas le fórsa 8 ach ní raibh stró ar bith ar an mbád. Suas le 10 knot, Dé Céadaoin 23 Iúil ag 2.10p.m. chonaic muid Oileán Dursey i bhfad uainn. Shroich muid an Daingean ag 8.30p.m.

Baile Eaglaise

Chaith mé an oíche le Danny agus le Máire Mhic Síthigh i mBaile Eaglaise. Chaith muid lá arna mhárach sa Daingean. Droch lá báistí. Is cinnte go bhfuil muid ar ais in Éirinn. Thug muid cuairt ar Cheardscoil an Daingin, áit a raibh Dannny ag déanamh naomhóige.

Ar aghaidh go dtí An Blascaod Mór ar maidin. Bhí Danny anseo leis an turas a chríochnú go Cloch na Rón. Ag ól caifé agus ag siúl timpeall. Crochadh ancaire an oíche sin agus suas go Cill Rónáin. Oíche óil agus ceoil i dTigh Fitz i gCill Éinne. Dé Domhnaigh agus an turas ó thuaidh go Conamara, ach b'éigean cuairt a thabhairt ar Oileán Mhic Dara. Le céibh i gCloch na Rón timpeall 6.00pm.