An Meiricean Mór

https://www.cartlann.ie/files/original/a1d1149d05a5133479fffbdf1804e421.jpg

Ruaidhrí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1996. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

“Seol, seol, a Mheiricean Mhóir
'Spáin do chuid siúil do Tom Deáirbe
Nach bhfuil siad dá rá nach bhfuil do mháistir de bhád
Le fáil a'ainn anseo i gConamara."

Cúpla líne as amhrán breá Tom a' tSeoige faoi cheann de bháid mhóra Chonamara. Is é a scéal féin scéal chuile bhád. D'fhan cuid acu ag an gclann céanna ó thús, díoladh cuid acu thar tír amach, thit cuid acu sna cuanta agus ceannaíodh cuid acu go minic. Sé an ceann deire seo scéal an Mheiricean.

Sé Maitias Mhicil a'Ghabha Ó Guairim as Róisín an Chalaidh, Carna, a thóg An Meiricean Mór sa mbliain 1884. Thóg sé í i ngarraí Phádraig Phetair Ó Conghaile in aice le céibh Droighnigh in Inis Bearachain. Thóg sé báid eile chomh maith, An Conor, An Cashel Star, agus an nobby, Delia.

Is do Shéamas Sheáin Mhóir Ó Domhnaill as an oileán a tógadh An Meiricean. Rinne sí obair chuile bhád ag an am, móin soir go Cinn Mhara, Co. an Chláir agus go hÁrainn agus lucht anoir ag siopaí Chonamara. É féin agus a chlann a d'oibrigh í. Dúirt John Deáirbe liom gur dhúirt Josie Bheachla Joe as an gCnoc go raibh an t-ainm The Vein of Caisín Bay, mar ainm uirthi ar dtús. Dúirt Johnny Bailey liom gur airigh sé féin an t-ainm Carsín Fíon (nó Vein) uirthi. Dúirt John William Seoige nár airigh sé féin ainm ar bith mar sin uirthi cé gur sheol a athair agus a uncail í.

https://www.cartlann.ie/files/original/f61202abec1ef119d117b902d7c1ba3d.jpg

Ach nár bhrónach an cás nuair a thiocfadh lá an gheall/Mura mbeadh a cuid seolta is iad lionta, Ach ní mar sin atá nach aoibhinn le rá/Tá sí anois is í i mbarr a cuid cuanta. (Pic. Cian de Buitléar)

Bhí sí ansin ag Jackín Shéamais Sheáin Mhóir - fear a d'ól corrbhraon. Tráthnóna amháin chroith sé lámh lena chomharsanaí, d'fhág sé slán acu ar fad agus bhailigh leis sa mbád leis féin go Meiriceá, má b'fhíor dó. Siar ó Árainn thuig sé céard a bhí ar siúl aige agus thug sé aghaidh ar a dheirfiúr i gCarna. Trí lá ina dhiaidh sin d'fhill an bheirt acu abhaile agus nuair a chonaic seanfhear as an mbaile an bád ag teacht dúirt sé: "Ó, tá an Meiricean Mór ar ais". Jackín dár ndóigh a bhí i gceist aige ach d'fhan an t-ainm ar an mbád.

Cheannaigh Michael Mhatt Mhaitiú Ó Domhnaill, a raibh siopa aige ar an gCeathrú Rua, agus Cóilín Seoige (uncail le John William) as Cuileán an bád i bpáirt. Chuir siad deic siar ar fad uirthi agus chaith sí blianta fada ag tarraingt earraí as Gaillimh ag an siopa. Ba é Cóilín an máistir, agus chaith go leor daoine tamall leis, Johnny Sheáin Mháire, Peadar Phádraig Aindriú agus Pádraigín Bhríd Rua ina measc.

https://www.cartlann.ie/files/original/977ab8297618489fe4b0f8062b797408.jpg

"Nuair a gheobhfas sí an chóir tá togha fear dhá góil, Tá ceol ag an gcrann is ag na láinnéir.” John Deáirbe ar an halmadóír agus a dheartháir Michael.

Uair, tháinig Cóilín Seoige as Gaillimh inti le stuf. Gaoth anoir aneas a bhí ann. Ní raibh aon taoille isteach Caladh Thaidhg, is chuaigh siad i dtír ar Aill Theach an tSalainn. Lig siad amach ar aon-téad í agus chuaigh siad suas ag ól deoch. D'athraigh an ghaoth siar aduaidh agus briseadh an bád. Chaill sí an lucht. Rinne Joe Uaitéar Seoige as Inis Bearachain agus Cóilín Mháirtín Uí Chathasaigh suas í. Deirtear nár ól Cóilín Seoige aon deoir as sin amach.

Ina dhiaidh cheannaigh Tom Bhríd Neil Ó Súilleabháin as An Tuairín í agus thug sé móin go hÁrainn inti. Bhabhtáil sé í le Michaelín Mhicil Dharach (Seoigín Chamuis) ar ghleoiteog.

Chaith sí roinnt blianta ag Michaelín agus ansin dhíol sé í le Pádraig Sheáin Taimín as Cladhnach. Bhí An Connacht, a bhí ag Conn McCann, ag athair agus ag uncail Phádraig.

Bhí sí cráite go maith ag an bpoinnte seo i gcéibh an tSrutháin. Tháinig oíche gála aniar agus d'imigh sí as an gcéibh. Cuireadh i dtír í ar Charraig an Oisín i gCuan Chasla. Tharraing Michael Ó Briain as í agus thug sé suas faoi Lodge Chasla í in éineacht lena bhád féin An Tónaí le haghaidh an gheimhridh. Sa mbliain 1956 cheannaigh Máirtín Tom Deáirb as an Ros í ó bhean Phádraig Sheáin Taimín ar £5. Thug Máirtín Tom, a mhac Dudley agus John Deáirbe anoir ar tow í le bád Chóil Choilm Deáirbe An Lovely Ann, a raibh inneall inti ag an am. Bhí Cóil Cholm Deáirb ina chónaí ar an Oileán Mór ag an am. D'fhág siad í ag céibh Mháirtín Tom ar an Ros. Rinne Máirtín suas í. Fuair sé cílle ó Phat Cheoinín, seanchílle trawler a bhí sa mbealach air ag an mBalla Fada agus a bhí réidh le gearradh suas. Bhain Mháirtín an deic den Mheiricean.

Bhí sé tar éis An Chorainn a dhíol le Dick Fletcher as Dún Laoghaire tuairim cúig bhliana roimhe sin. Briseadh An Chorainn agus bhí an oiread measa ag Dick ar Mháirtín gur chuir sé crann agus sparaí An Chorainn anuas ar an traein go Gaillimh aige. Thug Seán Bán Ó Cualáin anoir ar an leoraí iad. Chuir Máirtín ar An Meiricean Mór iad agus tharraing sé féin agus Joe Sheáinín Ó Cualáin móin go hÁrainn inti timpeall na bliana 1959.

Dhíol Máirtín ansin í le fear darbh ainm Needham as Cumber, Co. An Dúin ar tuairim £1,200. Déanadh suas mar yacht í agus cuireadh inneall inti.

Timpeall na bliana 1977 cheannaigh Brian Hussey í ar £4,000. Thug sé go Portach Mhuighinse i gCarna í agus bhain Meaircín Ó Clochartaigh an cábán di, chuir sé weather boards uirthi agus roinnt eile oibre. Ghearr Pat Cheoinín culaith calico di agus d'fhuaigh Michael Choilmín Val Ó Loideáin agus Cóil Beag Mac an Iomaire iad. Bhuaigh sí an geall ag Lá'l Mhic Dara sa mbliain 1978. Bhí John William dá gabháil. Seoladh í go dtí timpeall na bliana 1981.

Bhí Tom Deáirb sa mbaile as Meiriceá sa mbliain 1983 agus chuir sé ceist ar John Deáirb cén bád mór a cheannódh sé dá mbeadh airgead aige. "Ceannaigh An Meiricean," a deir John. Bhí sí craite go maith ag an bpoinnte seo ach shocraigh Tom í a cheannacht ar £4,500.

Ar nós go leor eile bhí gaol ag muintir Deáirb leis an bhfarraige. Chuaigh Colm Deáirb, a bhean agus a chlann amach ar an Oileán Mór sa mbliain 1916 as Doire Fheárta. Bhí bád ag Deáirb, An Roc. Is inti a tháinig Peaitsín John, a bhean agus a chlann amach as Gaillimh tar éis dóibh bheith i Meiriceá. Bhí An Lovely Ann ag Cóil Choilm Deáirb, gleoiteog mhór a tharraing móin go hÁrainn, beithigh agus a rinne iascach. Bhí inneall ag Cóil inti agus mar a deir John Deáirb "sí a thóg muid". D'fhág siad an tOileán sa mbliain 1969. Díoladh an bád le Máirtín Bán agus dhíol Máirtín í le Jim Packinson sna Cealla Beaga.

https://www.cartlann.ie/files/original/00bf9621b0c3a3f1c6091f7aa311ca97.jpg

Tom Deáirbe ó Flatharta, úinéir An Mheiriceain Mhóir ar dheis. ln éindí leis ar chlé tá Rí na nAmhrán, John Beag ó Flatharta agus sa lár Rí na mBádóirí, Beartla King.

https://www.cartlann.ie/files/original/3a7b4985e7707ebe2e488d15db6f554d.jpg

Cóil Choilm Deáirbe chun tosaigh agus in éindí leis tá, ó chlé, Micil Ó Gríofa, John Deáirbe, Tom Rua Mac an lomaire, John Beag Ó Flatharta agus Peadar Ó Flatharta. Tógadh an pictiúr seo an lá deireannach a raibh Cóil Choilm Deáirbe ag seoladh ar an Meiricean.

https://www.cartlann.ie/files/original/8bf947623b19473dfe61f9010a91f8d7.jpg

Cóil Choilm Deáirbe, a bhean Nan, a athair Colm Deáirbe agus a chuid gasúir. Michael agus Maggie atá chun tosaigh agus tá Biddy agus John ar dhá thaobh Nan. Sé Tom an páiste ar a baclainn aici.

Ach le filleadh ar An Meiricean Mór. Tharraing Pádraig Mháirtín Shéamais Ó Cualáin as Leitir Ard aniar í go Caladh Thaidhg. Thug John Deáirb go dtí an tOileán Mór í lena churach féin agus as sin go Dún Mánus i gCamus. Rinne Colm Breathnach agus Pádraig Deáirb suas í 1984, agus mar a deir Tom a' tSeoige,

"Orlach níl cam ó phosta go ball

Níl marach ar chlár ná ar mhaide ".

Tugadh ar ais go céibh Dhoire Fheárta í agus ghearr John agus Tom seolta di. Sheol sí go hÁrainn La'l Peadar is Pól na bliana sin. Is iomaí geall atá buaite ó shin aici agus John dá gabháil. Chuaigh sí go Ciarraí sa mbliain 1987 agu bhuail sí an Mac Duach le fad an bhowsprit. Sheol sí i bPort an Phéire i gCo. an Dúin cúpla bliain ó shin. Bhí sí le feiceáil go minic ar RTÉ ag Éamonn de Buitléar agus ar chlár a rinneadh faoi Mháiréad Ní Chualáin as Inis Oirc. Deir John liom go dteastódh beagán oibre uaithi anois agus crann nua ach mara deir an fear eile "Tá géim sa gcailleach fós," mar bhuaigh sí trí gheall i 1996, Cloch na Rón, Cuigéal agus Cill Chiaráin. Go mba fada buan clann Chóil Choilm Deáirbe, an criú a sheolann í agus an bád An Meiricean Mór.


"Nuair a gheobhas sí an chóir, tá togha fear dá gabhail,
Tá ceol ag an gcrann is ag na láinnéar,
Ó iompróidh sí an seol gan mairg ná stró
Is tabharfaidh sí an chraobh go Doire Fheárta."