Tarrtháil Farraige i 1930

 Pic. le Rosaleen Ní Shúilleabháin.

Pic. le Rosaleen Ní Shúilleabháin.

Máire Ní Chualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2014. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Bhíodh trádáil mhór idir Conamara agus Árainn, chomh maith le Cinn Mhara agus Co. an Chláir riamh sa saol. Bhíodh báid as Ros an Mhíl ag tarraingt sna háiteacha sin freisin ar ndóigh. Is iomaí cineál aimsire a chonaic na bádóirí agus is iomaí gábh a raibh siad ann.

Sa mbliain 1930 tharla timpiste do dhá bhád agus iad ar a mbealach go Cinn Mhara le lucht móna, ceann as Ros an Mhíl agus ceann eile as an gCeathrú Rua. An Mounte an t-ainm a bhí ar bhád na Ceathrún Rua agus ba iad Páraic Ó Súilleabháin agus Seán Mac Donncha a bhí ar an stiúir uirthi. An Colmcille a bhí ar bhád Ros an Mhíl, bád le Pat Seoige as an mBaile Láir. Ba é mac Phat, Cóil, agus Peadar Mac an Iomaire (Peadar Thomáisín) a bhí á stiúradh lá na timpiste.

Thart ar am lóin a thosaigh stoirm ag séideadh, agus bhí an John Summers - gal dhriftéar nó steam drifter - a bhí ag seoladh ó Ghaillimh go Cill Rónáin agus iad ó dheas d'Árainn, agus a thug faoi deara go raibh a ndóthain le déanamh ag an dá bhád a gcúrsa a choinneáil.

Chonaic siad sin go raibh seol cheann de na soithigh stróicthe agus go raibh sí á tuairteáil ar bharr na farraige fiáine. Bhí an criú sa dara bád ag tabhairt le fios go raibh cúnamh uathu, ach socraíodh go ngabhfaí chuig an mbád a raibh an seol stróicthe uirthi ar dtús. Bhí cúpla míle idir an dá shoitheach ag an am.

Nuair a tháinig an John Summers chomh fada leis an mbád a raibh an seol briste uirthi, an Colmcille , tugadh an bheirt fhear, Cóil agus Peadar, ar bord loinge. Ba ghearr gur briste ina míle píosa ar chósta Chontae an Chláir a bhí an bád.

Thug an John Summers a n-aghaidh ar an Mounte ansin, agus an bheirt a bhí uirthi ag streachailt go géar in éadan na stoirme. Tógadh na bádóirí, Páraic agus Seán, ar bord an John Summers freisin, agus Páraic ag cur fola agus é sách gortaithe ag píosa eicínt a d'imigh as an mbád agus a bhuail é. Tharraing an John Summers an Mounte ar téad, ach scoilt an posta inti agus iad gar do Chill Rónáin mar gheall ar an drochbhail a bhí curtha ag an stoirm uirthi. Chuaigh an bád go tóin poill ansin.

Bhí dhá shoitheach báite tar éis na n-iarrachtaí a deineadh, ach is beag an méid é sin nuair a chuimhníonn duine gur tháinig na bádóirí slán. Bhíodh siad i mbaol agus i gcontúirt go minic, agus ar ndóigh ní raibh aon chaint ar sheaicéid tarrthála ná a leithéid san am sin.

Thóg sé laethanta ar na fir teacht abhaile, agus bhí imní agus buairt sa mbaile ar na daoine a bhí ag fanacht leo. Nuair nach raibh aon dé orthu, thosaigh a muintir i Ros an Mhíl ag fáil faoi réir le haifreann a rá dóibh mar gur cheap siad go raibh an bheirt scuabtha chun siúil. Ach is breá sásta a bhí 'chuile dhuine nuair a tháinig siad abhaile agus iad slán sábháilte. Ní ligeadh bean Phat Seoige, Baba cead aon bhád a fháil ina dhiaidh. Bhí a dóthain faighte den fharraige aici. Maidir le Pat, is iomaí uair a dúirt sé ina dhiaidh gurbh fhearr leis féin a bheith báite an lá sin ná an bád a bheith báite.

De réir cosúlachta, ní raibh sé i bhfad roimhe sin ó dheisigh muintir Thomás Réamoinín i nDoire Fheárta í, agus cuireadh cláracha nua inti. Ach ní raibh aon bhád seoil in ann don stoirm a bhí ann an lá siúd.

Deirtear go ndearna duine éicint amhrán faoin mbád in Árainn, ach ní fhios céard a tharla don amhrán sin. Mura bhfuil sé ar eolas ag Árannach éicint!

Ar ndóigh, nuair a thugadh na bádóirí móin soir go Co. an Chláir nó go Cinn Mhara thugaidís earraí eile anoir. Thug an Colmcille an t-adhmad do chloigeann na bunscoile i Ros an Mhíl anoir nuair a bhí píosa á chur amach as an mbunscoil. Bhí an bhunscoil san áit a bhfuil an tlonad Pobail anois, áit a mbeidh imeachtaí ar siúl ag an bPléaráca i rith na féile.

Tugadh mada anoir as Co. an Chláir uair freisin, agus is maith an chuimhne a bhí ag Baba, iníon Phat Seoige ar an mada sin mar go raibh sé acu ar feadh na mblianta fada.

Deirtear go bhfaca criú an Cholmcille sionnach 'caillte' ar an gcéibh i Ros an Mhíl uair agus iad ag dul go hÁrainn, agus go ndúirt siad go dtabharfadh siad leo é mar go mbíodh muintir Árann seasta ag rá leo nach bhfaca siad sionnach riamh. Tugadh an sionnach go hÁrainn, ach bhí aiséirí ón mbás déanta aige faoin am ar tháinig siad chomh fada leis an gcéibh istigh. Rith sé leis, agus níl fhios cén marú a rinne sé go dtí gur maraíodh é féin, an sionnach bocht!

Sin cuid de scéalta bhádóirí Ros an Mhíl agus an ceantar máguaird - Suaimhneas síoraí dóibh go léir.

Seo thíos píosa d'alt a bhí sa Connacht Tribune cúpla bliain ó shin agus iad ag cur síos ar an Sea Rescue mar a thug siad air:

‘After a thrilling battle with a gale the steam drifter 'John Summers' which was sailing to Kilronan, Aran Islands, from Galway, rescued the crews of two Connemara turf boats which were sailing with turf to Kinvara. About two o' clock when the John Summers was off the South Sound of the Aran Islands, two fishing boats were seen. Both were obviously in distress as a storm had broken suddenly about half an hour before ....’
Tarrtháil Farraige i 1930