Teach Ósta Uí Fhlatharta nó Tigh Khit

Meta Uí Mháille

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2004. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ba mhór i gceist ag an seandream agus iad ag caint ar laethanta aonaigh, Tigh Pheter William. Is ann a buaileadh smugairle ar bhois is an margadh déanta agus is ann a hóladh an luckpenny.

Is maith an scaitheamh blianta anois ó bhí aonach i nDoire Né ach ní shin le rá nach bhfuil tarraingt daoine i gcónaí Tigh Khit, mar a fuair mé amach an tráthnóna bog báistí a bhuail mé isteach i mí Lúnasa le labhairt le Kit faoi na blianta atá caite aici i mbun gnó ansin. Bhí slua maith istigh ann agus daoine ag teacht is ag imeacht, ach bhí si flaithiúil lena cuid ama agus í ag cur sios dom mar a bhí an saol nuair a tháinig sise go Doire Né ar dtús - agus ar an athrú atá tagtha le imeacht na mblianta.

Chonaic sí an t-am a raibh mná liobrálacha a d'óladh piontaí pórtair lá aonaigh (ag am nach dtéadh mná isteach i bpubanna) cé nárbh iad mná Chonamara iad is cosúil, i bhfad sul má cloiseadh caint ar Womens Lib, ná ar chearta ban.

https://www.cartlann.ie/files/original/dce7b6f6a6dd8e09caf295739737643a.jpg

Kit agus Teach Ósta Uí Fhlatharta sa chúlra: “Ní raibh ann nuair a tháinig mise anseo ach pórtar, fuisce, rum, dark rum agus minerals, sin an méid. Ba haith leis na fir an dark rum, go mór mór.”

An chéad cheist a chuir mé ar Khit ná cén uair a d'oscail an áit seo ar dtús?

Kit: ln 1830 a d'oscail sé, tá sé scríofa ansin amuigh ar bhinn an tí. Anuas as Camus a tháinig William Ó Flatharta, Flathartaigh Chamuis. Is dócha go bé Cólman Chuimín an gaol ba gaire dhó, Paitín Johnny, bhí gaol aige leis.

Meta: Cé as dhuit fhéin ó thús?

Kit: Fleming an sloinne a bhí orm roimh pósadh agus rugadh i gClár Chlainne Mhuiris i gCo. Mhaigh Eo mé. Tháinig mé go Gaillimh i 1946, bhí mé ar scoil i nGaillimh. Bhí an Western i bProspect Hill againn, tá sé sin againn i gcónaí. Sí mo dheirfiúr atá dhá rith anois. Tháinig mé amach anseo i 1952, agus tá mé anseo ó shin.

Meta: Cén chaoi ar casadh John Pheter William ort?

Kit: Ó istigh sa mbaile, istigh sa mbeár a casadh orm é - agus tá mé anseo le caoga dó bliain anois ó Meitheamh seo caite. Bhásaigh John i 1957.

Meta: Nach raibh teach lóistín anseo agat freisin?

Kit: Bhíodh mé ag déanamh B&B, dinnéir agus chuile rud. D'éirigh mé as sin ach tá mé ag déanamh tae agus sandwiches agus rudaí mar sin i gcónaí.

Meta: Cé mhéid clainne a bhí agaibh?

Kit: Beirt, Peter agus Mary. Tá Mary pósta thuas i Newbridge agus tá Peter i mbun an ghnó anseo.

Meta: Cé na blianta ar thosaigh na turasóirí ag teacht go Conamara?

Kit: Sna sixties, sea, deireadh na 60aidí tá mé a cheapadh, ach tá siad imithe arist. Bhí anuraidh go dona ach bhí i mbliana níos measa ná aon bhliain ó tháinig mise go Doire Né. Níl deoraí thart.

Meta: Nuair a thosaigh tusa anseo i dtosach an iad muintir na háite is mó a bhíodh isteach?

Kit: Siad, ach ní bhíodh mórán ann ach laethanta aonaigh. Bhíodh lá aonaigh an-bhusy agus lá na cúirte ansin lá arna mháireach, bhíodh muid an-ghnóthach an lá sin freisin.

Meta: Inis dhom faoi na laethannta aonaigh.

Kit: Ó bhíodh slua uafásach ann. Bhíodh siad anoir is aniar ann, aníos is anuas as chuile áit agus go sábhála Mac Dé sinn, bhíodh beithígh leath bealaigh siar Cladhnach. Bhíodh siad soir taobh thoir den chéibh agus amach beagnach chomh fada leis an áit a bhfuil na monarchana anois. Bhíodh caoirigh ann freisin agus muca. Uair sa mí a bhíodh an t-aonach agus bhíodh an chúirt ansin lá arna mháireach. Bhiodh an chúirt ar bun an t-am sin go dtí a deich a chlog san oiche, bhíodh, bhíodh poitín is troid agus chuile shórt mar sin.

Meta: An mbiodh troid laethanta aonaigh?

Kit: Ni bhíodh sé go dona anseo, d' fheicinn é sula dtosaiodh sé agus chuirfinn amach iad. Ní raibh aon chúis mhór ariamh againn, níor chaith muid aon duine a thabhairt ag an gcúirt ariamh. Bhí said i gcónaí an-deas liom agus bhí respect acu dom. Bhí an-ómós acu dom agus dhéanadh said aon rud dom go dtí an lá atá inniu ann, agus tá an t-ómós céanna agam dóibh.

Meta: Cé hiad an dream a bhíodh isteach laethannta aonaigh?

Kit: Bhíodh go leor isteach, tá go leor den dream a bhíodh isteach laethanta aonaigh caillte anois. Bhíodh slua mór ag dul amach ar na portaigh an t-am sin freisin agus lorries ag tarraingt mhóna, bhíodh sé uafásach uafásach cruógach, bhíodh suas le míle duine ag dul amach ar na portaigh chuile lá. Stopadh said le haghaidh deoch trathnóna, chuile dhuine acu agus é ag teastáil go géar uathu. Níl fhios agam sa domhan cé as a mbíodh an t-airgead ag teacht. Bhíodh pionta ag chuile dhuine acu, ach ní raibh ach scilling is trí pingine ar phionta. Gheobhadh siad sé phionta dhéag ar phunt. Is uafásach an t-athrú é, ní bhfaigheadh said pionta anois ar phunt, ná medium ná bac le pionta. Tá an t-airgead níos fairsinge anois, tá airgead ag chuile dhuine, níl aon duine go dona as. Aon duine atá is iad féin is ciontaí mar tá chuile dhuine ag fáil neart airgid anois, nach fíor dom é?

Meta: An pórtar is mó a bhíodh ól?

Kit: Ó sea, ach tá said ag ól chuile rud anois. Tá chuile chineál deoch ann, lager, beer, cider, bacardi breezer, smirnoff ice, tá go leor deochanna nach mbíodh ann i dtosach chor ar bith. Ni raibh ann nuair a tháinig mise anseo ach pórtar, fuisce agus rum, dark rum agus minerals, sin an méid. Ba mhaith leis na fir an dark rum, go mór mór laethanta aonaigh. Ach tá sé sin imithe, ní mórán a dhíolann muid de anois chor ar bith.

Meta: Ar i gceaigeanna a thagadh an pórtar i gcónaí?

Kit: Bhíodh buidéil freisin ann ach bhíodh sé ag teacht sna. barraillí freisin. Ní raibh aon bharraile anseo nuair a tháinig mise anseo. Ní raibh ann ach buidéil ach fuair mé isteach na barraillí agus na piontaí, ara bhí said delighted leis na piontaí, bhí said níos deise agus níos saoire ná na buidéil.

Meta: Abair laethanta aonaigh,an dtagadh na mná isteach?

Kit: Corr bhean, beirt bhan, go ndéana Dia Grásta orthu, tá said caillte anois, ní inseoidh mé dhuit cé iad fhéin – bhíodh hall beag taobh thiar agus thagadh said isteach ansin. Bhíodh seálanna ar na creatúir, d'iarradh siad ar na fir leathghloine a thabhairt amach acu. Chuireadh said an leath-ghloine isteach faoin seál ar fhaitíos go bhfeicfeadh aon duine iad.

Meta: Ach ní théadh aon bhean ag an gcuntar ag iarraidh deoch?

Kit:No, no, ní fheicfeá aon bhean istigh sa mbeár ach bean tincéara, agus nach ndeirim go minic leis na boys, an t-aon bhean a d' fheicinn ag ól pionta an t-am sin ná bean tincéara. Ach ní óladh aon bhean eile deoch, b'fhéidir go n-ólfadh said gin and tonic, fuisce nó rud éicínt mar sin, ní óladh said piontaí chor ar bith.

Meta: An cuimhneadh leat cén uair ar thosaigh na mná ag teacht isteach sa bpub i dtosach?

Kit: Sna seachtóidí, early seventies nuair a thosaigh an Poitín Stil agus Tigh Darby thiar, sin é an t-am ar thosaigh na mná ag teacht isteach, nuair a thosaigh ceol sna pubanna.

Meta : An mbíodh bannaí agus grúpaí ceoil anseo agat fhéin?

Kit: Never, never, ní raibh aon bhanna ceoil ariamh againn. Ní raibh aon cheol ach dá mbeadh aon duine ag iarradh cairdín a chasadh, thabharfaí cead dó. Mar feictear dom fhéin go raibh sé i bhfad níos nádúraí. Ach tá an nádúr imithe ar fad ó thosaigh an organised sing-song. Laethanta aonaigh nuair a chloiseadh said an ceol, léimeadh said suas ag damhsa, is bhíodh said ag casadh amhrán is chuile shórt mar sin, bhíodh sé sin an-deas. But I think organised sing-song has ruined everything.

Meta: Ar chuir tú méid ar an áit?

Kit: Chuir mé, áitín an-bheag a bhí ann nuair a tháinig mé anseo i dtosach. Dhá mbeadh dhá scór istigh sa mbeár, bheadh sé lán. Rinne mé an lounge i 1963 mar bhí an siopa istigh sa mbeár. Ansin anuraidh dhúin mé an siopa mar ní raibh tada dhá dhéanamh ann agus rinne muid lounge ina áit.

Meta: Cén t-údar é sin?

Kit: Tá daoine ag dul isteach Gaillimh ag siopadóireacht. Tá said ag dul isteach as an gCeathrú Rua, as Leitir Móir is Leitir Mealláin. Nach bhfuil said ag dul isteach as Rosmuc, is as Carna, sin é an áit a bhfuil muintir Chonamara ag déanamh a gcuid siopadóireachta.

Meta : Cén t-athrú a fheiceann tú ar chúrsaí oibre?

Kit: Ó tá sé mighty, nuair a tháinig an túdarás go Conamara, sin é rinne Conamara. Go dtí go dtáinig an tÚdarás bhíodh cúigear nó seisear amuigh ansin ag an gcoirnéal chuile Dé hAoine agus suitcases acu ag dul go Sasana, siar as an gCeathrú Rua, Leitir Mealláin agus Leitir Móir agus chuile áit, ach nuair a tháinig an túdarás thanks be to God d'athraigh rudaí. Sé an rud is fearr a tháinig Conamara ariamh, thosaigh na factories. Bhí an Raidió go maith é fhéin agus TG4. Tá thart ar dhá chéad go leath ag obair ansin agus is iontach an rud é sin. Níl aon chall d'aon duine dul go Sasana mura dtograíonn sé fhéin é mar tá neart oibre sa mbaile, is breá an rud é.

Meta: An mbíodh aon am saor agat, an dtéadh tú ar laethanta saoire?

Kit: Bhíodh ach ní raibh mé ar saoire anois le cúpla bliain. Bhí mé i Hong Kong agus bhí mé i Meirceá trí huaire. Bhí mé i Portugal agus sa Spáinn cúpla uair. Bhí mé i Sasana go minic agus touráil mé thimpeall na hÉireann go minic agus bhain mé an-sásamh as.

Meta: Chonaic muid sna páipéir ag tús na bliana go bhfuil tú ag díol na háite.

Kit: Tá Peter dhá dhíol, ní mise agus ní thabharfainn milleán dhó, tá na huaireanta an-fhada, tá sé an-demanding, ní hionann is fadó. Caithfidh tú a bheith ann an t-am ar fad. So mura bhfaighidh muid an t-airgead atá muid a iarraidh ní dhíolfaidh muid é.

Meta: Má dhíolann sibh an áit cá mbeidh tú ag tabhairt d'aghaidh?

Kit: Tá dhá theach déanta ansin thoir againn. Níl sé i gceist agam an áit a fhágáil fós ar chaoi ar bith.